Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann

TCÉ

Féach isteach

Is é an Seanad Teach Uachtarach an Oireachtais agus tá 60 Comhalta ann, ar a dtugtar Seanadóirí. Ó thaobh na teoirice de, ní aithnítear comhaltas de pháirtithe polaitíochta sa Seanad. Ó thaobh na praiticiúlachta de, áfach, is minic is féidir neart na bpáirtithe sa Dáil a fheiceáil i gcomhdhéanamh an tSeanaid.

Seomra an tSeanaid 500x338

Is é príomhfheidhm an tSeanaid díospóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht a mholann an Rialtas. Féadfaidh an Seanad Bille a ritheadh sa Dáil a leasú agus féadfaidh sé moill a chur ar dhlí a dhéanamh den Bhille sin, cé nach bhféadfaidh sé cosc a chur air. Chomh maith leis sin, féadfaidh Seanadóirí a mBillí féin a chur i láthair. Déantar díospóireacht orthu sa Seanad agus, má ritear iad, déanfar díospóireacht orthu sa Dáil. Cé nach bhfuil aon fhreagracht bhunreachtúil ar an Rialtas i leith Sheanad Éireann, freastalaíonn Aire nó Aire Stáit ar an Seanad nuair atá an Seanad ag déileáil le Billí nó ag déanamh díospóireacht ar bheartas Rialtais.

Toghann Comhaltaí an tSeanaid Cathaoirleach. Gníomhaíonn an duine sin mar Chathaoirleach ar an Seanad. Ceapann an Taoiseach duine amháin de na Seanadóirí chuig ról Threoraí an tSeanaid. Ceapann na páirtithe Freasúra a gceannairí féin sa Seanad freisin. Toghann an Seanad Leas-Chathaoirleach freisin, a ghníomhaíonn mar Leas-Chathaoirleach ar an Teach.

Is gnách go dtagann Comhaltaí Sheanad Éireann le chéile ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin. Is féidir amharc ar na díospóireachtaí beo ar an suíomh gréasáin seo. Is féidir freisin an Tuairisc Oifigiúil ar na díospóireachtaí a léamh. Foilsítear í tamall beag tar éis na ndíospóireachtaí.

Nuashonraithe go deireanach: 15 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn