Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acmhainní eile

An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi na comhlachtaí eile a mbíonn tionchar acu ar an gcaoi a rialaítear Éire? Tá rogha nasc curtha i dtoll a chéile againn chuig eagraíochtaí a mbíonn tionchar acu ar na beartais agus na dlíthe a gcloímid ar fad leo.

Uachtarán na hÉireann

Foghlaim gach rud faoi Uachtarán na hÉireann, óna ról bunreachtúil chuig ainmneacha a mhadraí. Féadfaidh tú na dátaí dialainne is déanaí de chuid an Uachtaráin agus a óráidí a fheiceáil, agus foghlaim faoi iar-Uachtaráin na hÉireann.

Leabhar Reachtanna na hÉireann

Faigh cóipeanna leictreonacha den Bhunreacht, d’Achtanna an Oireachtais agus d’Ionstraimí Reachtúla agus rianaigh leasuithe ar reachtaíocht. Féadfaidh tú formhór na reachtaíochta roimh 1922 atá i bhfeidhm go fóill a léamh freisin.

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Tá an Roinn seo freagrach as an dlí a phléann le clárú toghthóirí agus as toghcháin agus reifrinn a reáchtáil. Tacaíonn sí le rialtas áitiúil chomh maith. Faigh an fhaisnéis iomlán ar an gcaoi a ritear ár reifrinn agus toghcháin ar fad, idir áitiúil, náisiúnta agus Eorpach, lena n-áirítear léarscáileanna toghcheantair.

gov.ie

An bhfuil seirbhís de chuid an Rialtais, suíomh gréasáin nó faisnéis faoi do chearta agus teidlíochtaí á lorg agat? Tugann an tairseach seo liosta cuimsitheach de shuíomhanna gréasáin agus seirbhísí an Rialtais agus naisc le Faisnéis do Shaoránaigh.

Oifig an Ard-Aighne

Foghlaim faoi chomhairleoir dlí an Rialtais. Tá Comhairle Chomhairleach an Ard-Aighne, Oifig Chomhairle na Parlaiminte don Rialtas agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit in Oifig an Ard-Aighne.

Roinn an Taoisigh

Tacaíonn Roinn an Taoisigh leis an Taoiseach agus cuireann sí comhairle air. Bíonn sí páirteach i raon réimsí cosúil le beartas ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, ar Thuaisceart Éireann agus ar an Aontas Eorpach a fhorbairt agus a chomhordú.

An tAontas Eorpach

Faigh freagraí ar do cheisteanna ar fad faoi institiúidí agus comhlachtaí, tíortha, siombailí, stair, fíricí agus figiúirí an Aontais Eorpaigh. Foghlaim faoi dhlí na hEorpa agus foghlaim faoi thaisteal, cónaí, oibriú agus gnó a dhéanamh san Aontas Eorpach.

An Coimisiún Eorpach

Foghlaim faoi choiste gnó an Aontais Eorpaigh, a Uachtarán agus na Coimisinéirí. Foghlaim faoi thosaíochtaí an Choimisiúin agus léigh faoina bheartais agus seirbhísí.

Parlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht san Aontas Eorpach ina dtoghtar comhaltaí go díreach. Foghlaim faoin gcaoi a ndéanann an 751 Feisire de Pharlaimint na hEorpa ionadaíocht ar 500 milliún saoránach an Aontais Eorpaigh agus foghlaim tuilleadh faoi Fheisirí na hÉireann.

Barr
Roinn