Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.
Tá sainchúram leathan ar an gCoiste um Oideachas agus Scileanna i dtaca leis an Roinn Oideachais agus Scileanna a scáthú. Is é is aidhm dó ionchur fiúntach a chur le reachtaíocht agus le beartas. Díríonn an coiste ar fhéachaint lena chinntiú go dtéann córas oideachais na hÉireann chun tairbhe don tsochaí ar fad agus go n-aithnítear é ar fud an domhain mar chóras den chéad scoth. Féachann sé freisin lena chinntiú go dtacaíonn an córas oideachais le téarnamh eacnamaíoch agus le hathnuachan shóisialta.