Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Déanann Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge cur chun cinn ar úsáid na Gaeilge sa phobal, sna healaíona, san oideachas, sa spórt, sa saol gnó, sna meáin agus sa saol polaitíochta. Tá sé ag obair ar son stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil in Éirinn a chomhlíonadh ar bhealach fiúntach infheicthe.

Tá freagracht speisialta ar an gCoiste as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus as obair ar son sochaí atá dátheangach ar fad a chruthú. Oibríonn sé i ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir Teanga agus le heagraíochtaí eile a thacaíonn leis an teanga agus a chuireann chun cinn í.

Leagann an coiste tábhacht ar leith ar fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh seirbhísí Rialtais a sholáthar i nGaeilge atá inchurtha leis na seirbhísí a sholáthraíonn an Rialtas i mBéarla.

Díríonn an coiste go háirithe ar sholáthar seirbhísí leordhóthanacha agus fostaíochta leordhóthanaí i gceantair Ghaeltachta agus ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge do theaghlaigh ar fud na hÉireann a bhfuil Gaeilge acu.

Is iad seo a leanas príomhréimsí oibre an choiste:

•    Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga a chur chun cinn
•    Faireachán a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
•    Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh seirbhísí agus áiseanna a sholáthar trí Ghaeilge
•    Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh cur le líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí atá líofa i nGaeilge agus faireachán a dhéanamh ar a thoilteanaí atá siad maidir le seirbhís phoiblí a sholáthar trí Ghaeilge
•    Faireachán a dhéanamh ar scéimeanna Gaeilge
•    Reachtaíocht a athbhreithniú chun í a oiriúnú don Ghaeilge
•    Oideachas trí Ghaeilge agus soláthar na seirbhísí, na dtéacsanna agus na n-áiseanna a theastaíonn a chur chun cinn
•    Faireachán a dhéanamh ar an bhfáil atá ar tháirgí Gaeilge

Ba le glacadh Bhuan-Ordú 123 ón Dáil agus Bhuan-Ordú 105 ón Seanad a bunaíodh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge.

Cathaoirleach

Léargas an Chathaoirligh: Aengus Ó Snodaigh

Deireadh Fómhair 2022 Labhraíonn Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Aengus Ó Snodaigh faoin taithí a bhí aige fás aníos i dteaghlach a labhair an Ghaeilge agus faoina thiomantas fadsaoil don teanga. Anuas air sin, déanann sé cur síos ar an ról atá ag an gCoiste maidir le ceisteanna a thagann chun cinn i ndáil leis an nGaeilge sa tsochaí chomh maith leis an ról atá aige maidir leis an mbord a cheapadh do TG4.

Amharc ar an bhfíseán

Barr
Roinn