Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht

Breithníonn an Coiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht caiteachas, riarachán agus beartas na Roinne Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige agus na gcomhlachtaí Stáit laistigh de fhreagracht na Roinne agus tugann sé tuairisc do Thithe an Oireachtais ina leith. Tagann reachtaíocht agus ábhair de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an roinn agus lena cuid comhlachtaí faoi shainchúram an Choiste freisin.

Cuireann coistí an Oireachtais comhairle ar Thithe an Oireachtais maidir le raon réimsí ar leith. Bíonn Teachtaí Dála, Seanadóirí nó Teachtaí Dála agus Seanadóirí mar chomhaltaí na gcoistí. Faigheann coistí aighneachtaí agus cuir i láthair ón bpobal, ó ghrúpaí leasmhara agus ó Ranna Rialtais. Craoltar a gcruinnithe poiblí beo agus taifeadtar iad agus féadfaidh siad tuarascálacha a fhoilsiú ar shaincheisteanna ar leith. Scrúdaíonn coistí caiteachas Rialtais agus déanann siad díospóireacht ar reachtaíocht bheartaithe chomh maith.

Barr
Roinn