Tá ról tábhachtach ag an gCoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh ag cur bonn eolais faoin díospóireacht i dtaobh an Aontais Eorpaigh in Éirinn.
Déanann an Coiste breithniú iomlán ar fhorbairtí agus ar thionscnaimh thábhachtacha AE a mbíonn tionchar acu ar Éirinn, cinntíonn sé go ndéantar grinnscrúdú ceart ar reachtaíocht agus ar thograí AE agus coimeádann sé an Rialtas cuntasach as caidreamh na hÉireann leis an Eoraip. Déanann an coiste teagmháil rialta le hinstitiúidí AE chun faireachán a dhéanamh ar threo polaitiúil agus straitéiseach an Aontais Eorpaigh ina iomláine agus chun tionchar a imirt air.
Léigh an rún ón Dáil agus an rún ón Seanad chun an comhchoiste a bhunú.
An Cathaoirleach
Léargas an Chathaoirligh
Deireadh Fómhair 2023 Míníonn Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh, Colm Brophy, ról an Choiste maidir leis an gceangal idir an tAontas Eorpach agus Éire a bhainistiú. Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais.