Breithníonn an Comhchoiste um Shláinte ábhair bheartais agus rialachais a bhfuil freagracht oifigiúil ar an Aire Sláinte astu. Breithníonn sé freisin an beartas Rialtais a bhaineann le comhlachtaí atá faoi choimirce na Roinne.
Breithníonn an Roghchoiste um Shláinte Billí, tograí atá ar fáil i dtairiscint ar bith, Meastacháin ar sheirbhísí poiblí agus aon ábhair eile a dtarchuireann an Dáil iad chuig an roghchoiste.
An Cathaoirleach
Léargas an Chathaoirligh: Sean Crowe
Meitheamh 2022 Labhraíonn Cathaoirleach an Choiste um Shláinte, Seán Crowe, ar thábhacht na sláinte agus ar ról an choiste i dtaca le bheith ag plé leis na dúshláin a thagann le bainistiú na Seirbhíse Sláinte. Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais.