Déanann an Coiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht breithniú ar chaiteachas, riarachán agus beartas na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na gcomhlachtaí faoi choimirce na roinne agus tugann sé tuairisc do Dháil Éireann ina leith. Tagann reachtaíocht agus ábhair de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an roinn agus lena cuid comhlachtaí faoi shainchúram an choiste freisin.

An Cathaoirleach
Léargas an Chathaoirligh: Steven Matthews
Feabhra 2022 Cuireann Cathaoirleach an Choiste um Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a chuid tuairimí in iúl faoi obair an choiste ina measc na hábhair thábhachtacha agus reachtaíocht a bhfuil breithniú á dhéanamh orthu faoi láthair. Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais.