Bunaíodh Roghchoiste Speisialta an tSeanaid maidir le Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach le tairiscint i Seanad Éireann ar an 16 Deireadh Fómhair 2020. Cuirfidh an Coiste a thuarascáil deiridh faoi bhráid Sheanad Éireann tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2021, agus déanfar é a lánscor ansin.
Bunaíodh an Coiste chun na críocha seo a leanas:
- monatóireacht a dhéanamh ar ullmhacht na hÉireann i gcás na dtorthaí ar fad a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr aistarraingt na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
- scrúdú a dhéanamh ar thionchar na haistarraingthe ar nascacht trádála leis an gcuid eile den Eoraip, go háirithe, mar gheall ar bhacainní a d’fhéadfadh teacht chun cinn ar an droichead talún
- anailís a dhéanamh ar thionchar na haistarraingthe ar gheilleagar agus ar shochaí na hÉireann sa tréimhse díreach tar éis an aistrithe
- teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara, institiúidí ábhartha agus ionadaithe tofa san Aontas Eorpach, sa Bhreatain Mhór agus i dTuaisceart Éireann, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Sonraítear na téarmaí tagartha iomlána i Riar Oibre Sheanad Éireann an 16 Deireadh Fómhair 2020.