Achoimre
Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.
Déanann an Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir gairm ar aighneachtaí ó ghrúpaí leasmhara nó ó dhaoine aonair maidir le todhchaí na hearnála mairteola i gcomhthéacs Food Wise 2025
Cur síos ar an gcomhairliúchán
Breithneoidh an Coiste aon aighneachtaí oiriúnacha i scríbhinn a fhaightear agus d’fhéadfadh sé a chinneadh cuireadh a thabhairt do roinnt rannpháirtithe chuig éisteachtaí poiblí.
Spriocdháta
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná a 5.00 pm an 21 Márta 2019, agus táthar ag súil go mbeidh na héisteachtaí poiblí ar siúl i Márta/Aibreán 2019.
Conas d'aighneacht a chur isteach
Seol doiciméad leictreonach (PDF/MS Word nó a chomhionann) i ríomhphost chuig afm@oireachtas.ie.
Ar mhaithe le mearbhall agus dúbláil a sheachaint, iarrtar ort gan cóipeanna crua de d'aighneacht a sheoladh isteach.
Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóip de gach aighneacht.
A bhfuil le cur san áireamh i d'aighneacht
Ba chóir go mbeadh do dhoiciméad aighneachta i d’aighneacht mar aon le litir chumhdaigh ar leith. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choiste d'aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála.
Bíodh an méid seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
- d'ainm, do sheoladh poist, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
- má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
- achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
- cuir in iúl cé acu atá tú sásta a bheith i láthair i seisiún poiblí ag cruinniú coiste nó nach bhfuil
Bíodh an méid seo a leanas sa doiciméad aighneachta :
- réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
- freagraí ar roinnt de na pointí a rinneadh inár ndoiciméad Gairm ar aighneachtaí nó iad ar fad
- aon fhaisnéis fhíorasach atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d'fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
- naisc chuig aon fhoilseacháin a dtagraíonn tú dóibh; ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
- aon mholtaí don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
- má bhíonn do dhoiciméad níos mó ná deich leathanach ar fad, achoimre feidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht
Caithfear a bheith gonta agus uimhreacha a chur ar do leathanaigh.
Faisnéis thábhachtach
Ní ghlacfar le haighneachtaí a sheolfar chuig aon seoladh ríomhphoist eile.
Ní ghlacfar le haighneachtaí gan ainm agus diúltófar dóibh.
Ní ghlacfar le hachainíocha agus litreacha ó theimpléid agus ní fhoilseofar iad.
D’fhéadfaí aighneachtaí a dhéanfar chuig Coiste a fhoilsiú mar a fhaightear iad, mar chuid de thuarascáil Coiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste sin a dhéanamh.
Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.
Níl sé de dhualgas ar an gCoiste glacadh le do dhoiciméad nuair a chuirtear isteach é, agus níl sé de dhualgas air aon chuid den aighneacht, nó an aighneacht go léir, a fhoilsiú má ghlactar léi. Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte, áfach, agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d'aitheantas san áireamh, a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.
An bhfuil treoir bhreise uait?
Más mian leat treoir níos mionsonraithe a fháil, léigh an doiciméad Aighneachtaí agus Cuir i Láthair a dhéanamh chuig Coistí Oireachtais thíos nó téigh i dteagmháil le cléireach nó le comhairleoir beartais an Choiste.
Cléireach don Choiste
Josie Briody
afm@oireachtas.ie
(01) 618 3717
Comhairleoir beartais don Choiste
Jack Nugent
jack.nugent@oireachtas.ie
(01) 618 3106
An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir
Rúnaíocht an Choiste,
Seirbhís Thithe an Oireachtais,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 XR20