Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 4 Nov 1927

Vol. 21 No. 9

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - PINSEAN SEAN-AOISE.

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí cad 'na thaobh gur eitigheadh pinsiún sean-aoise do thabhairt do Mhícheál de Róiste, An Móta, Béal Atha hAmhnais, cé nach bhfuil aige acht seacht n-acraí de thalamh ar a bhfuil £5 2s. mar luach bliadhaintiúil.

Do measadh gur chuaidh acfuinn an éiltheora so thar an teorainn reachtúil chun pinsean d'fháil agus do nealomháladh an t-éileamh an 7adh lá d'Iul, 1927. Do tuairiscíodh go raibh dá chuid féin aige feirm de 8 n-acra de thalamh atá cuíbhsach maith agus dar luacháil fé dhlí na mbocht £5 12s. 0d. agus ar a raibh ¾ acra prátaí agus 2 acra coirce, móin in aisce, agus stoc agus go gcothuítear triúr ar fad ar an méid sin. Deabhruíonn sé, leis, go bhfuil sé i seilbh roinnt éigin caipitail agus, fós, go dtuilleann sé roinnt airgid le chéird.

Cibé duine do thug an cuntas san don Aire níor thug sé cuntas ceart. Tá an fear so an-bhocht ar fad.

Má tá a thuille finanaise atá fíor ar fáil cuirtear isteach é.

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí cad 'na thaobh gur díultuigheadh pinsiún sean-aoise do thabhairt do Mháire, Bean Uí Néill, Tuathachanáin. Both Uadhla, Co. Mhuigheó, ag a raibh seachtmhó bliain slán lá Nodlag, 1926, cé gur mhol Coiste Pinsiún Coillte 'Mach é dhíol léi.

Do socruíodh ar an 27adh Iúl, 1927, de bharr athchomhairc, ná raibh an t-éilitheoir i dteideal pinsin tsean-aoise ós rud é nár léir ón bhfianaise a cuireadh isteach go raibh an t-aos reachtúil de 70 bliain slán aici. Níor cuireadh isteach a Deimhniú Beireatais ná Baiste ná aon fhianaise chruinn eile i dtaobh a haois, ná níor luadhadh an dáta, 25adh Mí na Nodlag, 1926, i bpáipéiri an éilimh. Do cuireadh Mionn-scríbhinn isteach ina ndubhradh go raibh an t-éilitheoir dhá bhliain ní ba shine ná a driotháir, Seán, agus do réir na Mionn-scríbhinne is i mí Eanair, 1857, a rugadh é siúd. Do cuireadh Deimhniú Beiréatais an driothár isteach ina dhiaidh sin agus do thaisbeáin an Deimhniú san gur baisteadh é ar an 25adh Eanair, 1859. Más rud é, ámh, go bhfuil ar chumas an éilitheora anois fianaise níos fearr do chur isteach á thaisbeáint go bhfuil sí níos sine ná a driotháir is féidir di éileamh nua do dhéanamh sa ghnáthshlí.

Nach bhfuair an tAire fianaise gur baisteach an bhean seo dhá bhliain roimh a driotháir agus nach bhfuil deimhniú ann go bhfuil ocht mbliain agus trí scór ag á driotháir?

Bhí dhá bhliain bun-ós-cionn sa bhfianaise do cuireadh isteach. Má tá a thuille eoluis anois ag an éilitheoir agus más féidir léi a chruthú go bhfuil sí dhá bhliain níos sine ná a driotháir gheobha sí an pinsean.

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfaidh sé cé an fáth nár tugadh acht ceithre scillinge sa tseachtmhain mar phinsiún sean-aoise do Phádraig O Gríobhtha, Capall Currach, Baile Cathail, Co. Mhuigheó, cé gur mhol coiste pinsiún na háite seacht scillinge sa tseachtmhain do thabhairt dó.

Do dhin an t-éilitheoir seo, a bhí ag fáil phinsin tsean-aoise de 4/- sa tseachtain, ceist do chur i dtaobh a mhéaduithe agus ar an 3adh lá de Lúnasa, 1927, do lomháil an Fo-Choiste Pinsin áitiúil pinsean 7/- sa tseachtain dó. Ansan do thánig an cás fé bhreithniú arís de bharr athchomhaire agus, toisc na fianaise a tugadh i dtaobh acfuinn an Phinsineura, do lomháladh pinsean 5/- sa tseachtain do ar an 4adh lá de Dheire Fomhair, 1927. Deabhruíonn sé go gcomhnuíonn an Pinsinéir ar ghabháltas de 16 acra de thalamh atá cuíbhsach maith agus dar luacháil fé dhIí na mbocht £4 15s. agus an ghnáthchuradóireacht air agus 2 ghamhain. Dubhradh gur dhin sé an fheirm do shanna dá mhac i mí na Márta, 1927, ach, do réir mar tuigtar ní har phósa don mhac a dineadh san.

Os rud é gur mhol Coiste na háite na seacht sgillinge do thabhairt don fhear so, cé an fáth gur dineadh ath-bhreithniú air?

Sí sin an dlí agus is dócha go bhfuil cúis éigin léis sin.

Barr
Roinn