Ba mhaith liom, A Chinn Comhairle, ceist do chur ort i daobh tuarasgabháil do cuireadh i gcló i bpaipéar nuachta Dé Sathairn ghabh thart. Is do thuarasgabháil dheireannaigh den Choiste ar Dhíomhaointeas atáim ag tagairt. Dubhradh in san bpáipeár gur tugadh amach é an mháidin sin. An féidir leis an Aire a mhíniú conus mar a bhfuair lucht na bpáipeár an tuarasgabháil sin? Ní fheaca mé é agus is doig liom na fheaca Teachta ar bith eile é. Ba mhaith liom fios fháil ce'n fáth ná fuairemair an tuarasgabháil nuair a cuireadh amach é.
FOILLSIU TUARASGABHALA.
SEAN T. O CEALLAIGH
EARNAN DE BLAGHD
Cheapas go raibh an tuarasgabháil ullamh agus tugadh amach an méid do bhí ag an Rialtas do's na páipéir. Dearmad ar fad a b'eadh é gur tugadh amach é roimh ré.
SEAN T. O CEALLAIGH
Ar thug an tAire ordú an tuarasgabháil do chur i geló i bpáipeár amháin?
EARNAN DE BLAGHD
Nior thug. Thugamar cóip do gach páipeár laetheamhal.
AN CEANN COMHAIRLE
Ní bhfuaireamair an tuarasgabháil go dti Dé Luain agus cuireadh amach na lá san é. Níor bhféidir leis na Teachtai é fháil go dti Dé Máirt.
TOMAS O MAOLAIN
Ní bhfuair mé cóip in ao' chór.
AN CEANN COMHAIRLE
Cuireadh amach chun gach Teachta Dé Luain, mar a dubhart.
TOMAS O MAOLAIN
Ní bhfuaireas cóip fós.
AN CEANN COMHAIRLE
Gheobhfaidh an Teachta cóip.
Mr. A. BYRNE
A Chinn Comhairle, would you mind letting us into this?