Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 29 Mar 1928

Vol. 22 No. 18

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - BOTHAR DO DHEUNAMH (CO. CILL DARA).

D'fhiafruigh

DOMHNALL O BUACHALLA

den Aire Iascaigh an bhfuil fhios aige go bhfuil caogad muirighean i n-a gcomhnuidhe ar Mhóin Doiríne (Dereens) i gContae Cill Dara; go mbíonn ar cuid díobh soin móin do thógaint ar cíos i n-áiteanna eile toisc gan bóthar a bheith ann chun dul isteach ar a gcuid móna féin agus, fós toisc gan an áit do bheith dréineálta; go bhfuil seana-bhóithrín nó a rian ann cheana; agus an ndéanfar bóthar nua do chur ann, nó an tseana-bhóthar do dheisiú, agus an talamh do thiormú le claiseanna.

Níl air aigne Choimisiún na Talmhan aon rud do dhéanamh maidir leis an mbóthar portaigh dá dtagartar. Táid ag cuimhneamh fé láthair ar phortach atá sa chomharsanacht, agus dá ngairmtear Portach Laitin, do cheannach agus má dintear san féachfar chuige go mbeidh bóthar isteach chun na háite.

Arising out of the Minister's answer, I would like to ask whether these lands which are about to be acquired are in the vicinity of Laitin?

Barr
Roinn