den Aire Iascaigh an bhfuil fhios aige nach bhfuil tailte eastát C. R. J. Annesley, Ballysax, a ceannuigheadh fén Acht Talmhan, 1923, dílsithe sna tionóntaí fós, agus an ndéarfadh sé cathoin a déanfar soin.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAT DO DHILSIU SNA TIONONTAI.
D'fhiafruigh
DOMHNALL UA BUACHALLA
Na Sceidil agus an Mapa, etc., is gá chun go ndéanfí an t-estát so do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan ar an Lá Ceaptha fén Acht Talmhan, 1923, táther tar éis iad do lóisteáil i gCoimisiún na Talmhan, ach ní thánathas fós chó fada leis an estát so san ord tosaíochta ina bhfuil so chun go ndeighleálfadh na Coimisinéirí leis. Nuair a sroichfar é, ámh, deighleálfar leis chó tapaidh agus is féidir é.