Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 29 Mar 1928

Vol. 22 No. 18

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - PINSIUN DO DUINE A BRISEADH AS AN R.I.C.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid cé an fáth nár tugadh pinsiún do Phádraic O Cinnéide (Cathair, Baile Locha Riach) a bhí ina bhall den R.I.C. in Oileán Dairbhre ó 1915 go dtí 1920 agus a eirigh asta an uair sin de bharr a dhílseachta do shaoirse na hEireann.

Badh mhaith liom go bhféachfadh an Teachta ar an bhfreagra a thugas uaim ar an 17adh lá Feabhra, 1927, nuair a chuir Pádraig O hOgáin (An Clár) ceist orm i dtaobh na cúise seo. Mar a chuireas i n-iúl do'n Teachta an t-am sin, ní raibh an Coiste fiafruighthe i dtaobh Daoine d'eirigh nó do briseadh as Constáblacht Rioghdha na hÉireann sásta gur de bhárr a dhílseachta do shaoirse na tíre d'éirigh Mac Uí Chinnéide as an gConstáblacht. D'innseas do'n Teachta leis gur dheineas gar-mhachtnamh ar gach rud a bhain leis an gceist agus nár fheadas ach aontú le tuairim an Choiste. Dá bhrí sin níorbh fhéidir dom pinsean a dheonadh do'n Fhear seo.

Dubhras, amhthach, go raibh mé toilteannach aire a thabhairt d'aon fhiadhnuise nua a chuirfidhe os mo chóir. Táim féin tar éis athbreithnuithe do dheanamh ar an gcúis seo agus scrúduíeas an fhiadnuise nua a chuir Mac Uí Chinnéide fe'm bhráid nó a cuireadh fe'm bhráid ar a shon agus tá se socair agam nac mbainfear leis an mbreith trénár diúltuigheadh do phinsean do dheonadh.

Barr
Roinn