Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 19 Apr 1928

Vol. 23 No. 2

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAT CHLUAIN CHORRAIGH.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh an ndéarfadh sé an mó acra talmhan a fuair fear darab ainm Prendergast ar estát Chluain Chorraigh i gContae Cill Dara le déanaí; an mó acra a bhí aige i gContae Chiarraí agus cad é an saghas talmhan í; an bhfuair sé i gCluain Chorraigh, i dteannta 200 acra a bhí aige cheana, 15 acra a bhí fé chíos le 15 bliadhna ag Seán Mac an Fhailghigh ó Thighearna Chluain Chorraigh (nách maireann) agus 43 acra eile a bhí taobh leis na 15 acra soin; an bhfuil fhios aige gur thairg cigire ón gCoimisiún do Mhac an Fhailghigh cúpla mí ó shoin na 58 n-acra soin, go raibh Mac an Fhailghigh sásta iad do thógaint, agus cad chuige nár tugadh dó iad.

Do tugadh 247 n-acra do Sheán Prendergast i mBaile an Mhóinín, mar mhalairt ar dhá ghabháltas i gCiarraí ina bhfuil 210 n-acra talmhan atá oiriúnach chun cumhangaracht do leigheas.

Níor tugadh aon tailte eile do Sheán Prendergast ar Estát Chluain Chorraigh ach tá Coimisiún na Talmhan tar éis féarach 323 acra do leigint ar chíos chuige i gcóir an tsaosúir seo amháin. Tá an 58 n-acra dá dtagrann an Teachta sa líomatáiste seo. Níor tairgeadh aon chuid de sna tailte seo do Mhac an Fhailghigh. Do chuaidh an cigire chun cainnte lies mar dhuine a bhí ag lorg talmhan sa ghnáth-shlí agus do chuir sé in úil dó go mbreithneofaí a éileamh nuair a beifí ag roinnt an mhéid de thailte Chluain Chorraigh atá fós ar lámha Choimisiún na Talmhar agus ina bhfuil an 58 n-acra atá gceist.

Barr
Roinn