Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 19 Apr 1928

Vol. 23 No. 2

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - CIRT TIONONTAI.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh an bhfuil fhios aige go bhfuil ar estát Bury, i nDownings, Cora Choill, feirm (112 acra) agus tigh comhnuidhthe ag fear darab ainm Eóin O Caoimh; go bhfuil an fheirm seo fógartha fé láthair le díol ar an 20adh lá den mhí seo; an bhfuil fhios aige nach bhfuil cead ag na tionóntaí eile ar an estát seo a gcuid talmhan do dhíol, agus an ndéarfadh sé cionnus a thárluíonn go bhfuil cead ag an tionónta so; an bhféadfadh sé a rádh an ex-commandant d'arm an tSaorstáit Eóin O Caoimh; an bhfuil aige mar phinsiún £112 sa bhliadhain; an as Condae Luimnighe dhó; agus cad chuige gur tugadh dó 112 acra den talamh a b'fhearr ar an estát seo cé go raibh sa chomharsanacht cheana a lán daoine gan talamh agus gan feirmeacha economice.

Do tugadh Downings House agus na tailte a ghabhann leis d'Eóin O Caoimh, as Contae Luimnighe, a bhí ina cheannphort san Arm Náisiúnta. Tar éis dó an talamh d'fháil, do chuir Mac Uí Chaoimh in iúil do Choimisiún na Talmhan gur mhian leis iasacht d'fháil ón mBanc chun stoc do chur ar na tailte agus chun iad d'oibriú mar Fheirm Dhéiríochta, ach ná tabharfadh an Banc iasacht dó go dtí go mbeadh an gabháltas dílsithe ann. Tar éis dóibh gach ní do bhain leis an scéal do bhreithniú, do dhin Coimisiún na Talmhan an gabháltas do dhílsiú ann agus níl aon chomhacht acu chun é do chose ar a leas sa ghabháltas do dhíol.

Dá mbeadh fhios ag Coimisiún na Talmhan go raibh sé ar aigne na tailte do dhíol isé a dhéanfaidís, in ionad na tailte do dhílsiú ann, ná iarraidh air seilbh do thabhairt suas. Níor mhór an méid sin talmhan, ar a bhfuil roinnt phortaigh, do bheith ag gabháil leis na tithe toisc a mhéid a bhíodar. Do chuathas chun cainte le gach sealbhóir beag i gcomharsanacht na dtailte seo agus do tugadh roinnt talmhan dóibh seo a bhí in án í d'oibriú.

Barr
Roinn