Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 May 1928

Vol. 23 No. 7

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ROINNT TALAMH I CHLUAIN CHORRAIGH.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh cad é cúis go leigfí chuige Seán Prendergast, ar eastát Chluain Chorraigh, féarach 323 acra, cé go raibh aige cheana feirm 247 n-acra; cad chuige go dtugadh do 247 n-acra den talamh a b'fhearr sa tír mar mhalairt ar 210 n-acra de thalamh fuar, bocht a bhí aige i gContae Chiarraighe; agus cad chuige nár roinneadh an 323 acra idir na daoine sa chomharsanacht a bhfuil géarghádh acu le beagán talmhan.

Isé cúis is mó gur thog Coimisiun na Talmhan na tailte nea-thionontuithe da dtagartar on Tiarna Cluain Chorraigh na chun gabhaltaisi do thabhairt do dhaoine as na Liomataisti Cumhanga mar mhalairt ar na gabhaltaisi a bhí acu sna Liomataisi sin, gabhaltaisi a bhí ag teastáil chun an chumhangracht sna h-aiteanna san do leigheas. Do tugadh 247 n-acra do Shean Prendergast mar mhalairt ar dha ghabhaltas o gContae Chiarrai ina bhfuil 210 n-acra de thalamh atá oiriúnach chun cumhangacht do leigheas sa Chontae sin agus a bhi ag teastáil go gear chuige sin. Tá Coimisiún na Talmhan tar-eis fearach an 323 acra do dtagartar do leigint ar cios chun Sheain Prendergast i gcoir an tsaosiur seo go dti go bhfaghfar tionontuithe oiriúnacha. Tathar taréis 630 n-acra de sna tailte a togadh do roinnt cheana fein ar iarratasoiri sa chomharsanacht.

Barr
Roinn