Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 May 1928

Vol. 23 No. 10

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAT DO ROINNT (CILL BHRIGHDE).

D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh an bhfuil tailte Thornhill agus Crodon ar Eastát P.S.O Dúinn-O Cuileanáin, Cill Bhrighde (Celbridge) i seilbh Choimisiún na Talmhan; agus, má tá, an bhfuil sé ar aigne acu iad do roinnt idir na feirmeoirí neamh-economiceacha sa chomharsanacht; an bhfuil fhios aige go bhfuil ar eastát Chill Uagáin (Kilgowan) sa cheanntar chéadna feirmeoir darab ainm P.S. O Duinn nach bhfuil aige ach trí acra talmhan; go bhfuil a leath dhe sin fé bharraí aige; go bhfuil daoine eile ann sa tubaiste chéanna; agus an ndéanfar rud chun a leasa.

Táthar chun tairisgint do dhéanamh chun 305 acra de thalamh do cheannach atá ar seilbh ag P.S.O Duinn-O Cuilleanain in Acha Árd, Sean-bhaile, Cill Uagáin agus Crodan, i ngar-chómharsanacht Thornhill. Ma tógtar na tailte breithneófar go cuibhe oiriúnacht na n-íarratasóiri sa chómharsanacht nuair a bhéidh an scéim chun na tailte so do roinnt á ullamhú.

Barr
Roinn