Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 May 1928

Vol. 23 No. 10

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - AISIOC BANNAI.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Airgid an ndéarfadh sé cathoin a haisíocfar le hEamon O Díomsaigh, Newtown, Donore, Nás, a bhanna (Uimh. Admhála 20713) ar £2; agus le Stiofán Mac Sionnaigh, Newtown, Donore, Nás, a bhanna (Uimh. Admhála 2074) ar £1.

Táthar tar éis a iarraidh ar na daoine adeir gurab iad is ionadaithe dleaghthacha d'Eamonn O Diomsaigh agus do Stiophán Mac Sionnaigh, Baile Nua, Dún Oir, Nás (beirt atá marbh anois) fianaise do thabhairt uatha go bhfuilid i dteidiol chun go n-aisíocfaí leo na suimeanna do dhíol an bheirt san. Nuair gheobhfar fianaise oiriúnach íocfar na h-éilimh chomh luath agus is féidir é.

D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Airgid an bhféadfadh sé a rádh cathoin a haisíocfar bannaí is le Aine Hill, Baile Artúir, Cill; Mícheál O Ceallaigh, Nás na Ríogh; Inghean Ní Cheallaigh (Nás na Ríogh); Tomás O Dubhlainn (Dowling), Ballinafagh, Corachoill; Mícheál Mac Gabhann (Smith), Cill Dún, Cill Dara; Liam O Murchadha, Dún Oir, Caragh, Nás; P.S.O Conoráin (Condron), Corachoill, Na Saileáin; agus Seán O Fiannachtaigh (Finerty), Magh Nuadhat.

1. Do tugadh údarás ar an 20adh lá de Mhí Aibreán don Roinn Puist agus Telegráfa Cártaí Coigiltis do thabhairt d'Aine Hill, Baile Artúir, agus do Mhícheál Mac Gabhann, Cill Dún, mar gheall ar suimeanna deich bpunt (£10) agus dhá phunt (£2) do dhíoladar ar leithligh.

2. Tabharfar údarás go luath chun Cártaí Coigiltis do thabhairt do Mhícheál O Ceallaigh agus do Nóra Ní Cheallaigh, Gleann na Gréine, Nás; do Thomás O Dubhlainn, Baile na bhFeadh; do Liam O Murchadha, Dún Oir; agus do Sheán O Fiannachtaigh, Mágh Nuadhat.

3. Maidir leis an síntiús do thug P.S.O Conaráin, Corachoill, Na Saileáin, uaidh, ní mar a chéile na tuairisgí do tugadh san éileamh agus na tuairisgí oifigiúla atá im' Roinn-se. Dá bhrígh sin, ní féidir aisíoc d'údarú go fóill sa chás seo acht táthar tar éis litir do chur chuig Mac Uí Chonaráin i dtaoibh an sgéil.

Barr
Roinn