Is fá na múinteoirí tuatha atá ag obair ins na Scoilenna Ceartúcháin agus Saothair a bhí mé ag cainnt nuair a cuireadh an díospóireacht so ar athló an lá fá dheire. Tá obair dhian, obair thábhachtach, obair fá leith dá dhéanamh ag an dream san. Acht ní chothuigheann na briathna na bráithre, agus is náireach an sceul é nach mbíonn níos mó ná trí phúint sa tseachtmhain le fáil ag an duine is ádhmharaighe orra tar éis fiche bliain ag obair dó. Nach tosnuighthar ar £170 sa bhliain ins na bun-scoileanna? Tuigim nach é an Rialtas a chuir na scoileanna Saothair sin ar bun, acht daoine go raibh truagh acu do na leanbhaí sin, daoine dúthrachtacha, cráibhtheacha a dhein obair ionmholta ar son Dé. Tuigim nach bhfuil d'achfuinn ag lucht stiúrtha na scol san tuarasdal mór a íoc. Sé mo bharamhail go bhfuil de dhualgas ar Aireacht an Oideachais—mar mhaithe le hoiliúint na leanbhaí féin, thar aon nidh eile—teacht i gcabhair do na múinteoirí úd agus bónus a thabhairt dóibh, fé mar a tugtar do na meadhonmhúinteoirí. Ní dóigh liom go gcuirfeadh aon Teachta Dála ina choinnibh sin.
Tá dream beag eile ná dubhairt an tAire focal ina dtaoibh, agus sé an dream san ná na hoidí scoile a bhí in árdroinn an chéad ranga, na hoidí ar a dtugtaí na "first of firsts." Ins an margadh a deineadh leis na múinteoirí náisiúnta i mbliain a 1920, do cuireadh ceist tuarasdail an dreama san ar athló, d'fhonn is caoi a thabhairt don Bhórd Náisúnta an scéal a bhreithniú agus moladh faoi a chur chun Roinn Airgid an Rialtais Ghallda.
Socruigheadh nó moladh d'aon ghuth £20 an duine sa mbreis, i n-aghaidh na bliana, a thabhairt do chuid acu agus £10 an duine do chuid eile acu mar gheall ar a gcáiliócht agus ar a fheabhas le cúrsaí múinteoireachta. Acht do scuireadh an Bord sar ar cuireadh an moladh san i ngníomh. Níor dhein an Aireacht dada. Sé tuairim J.C. Meredith, Ard-Bhreitheamh, go bhfuil d'oblagáid ar an Rialtas an moladh san do chur i bhfeidhm.
Is ag dul i luighead atá, agus a bhéas, méid na n-oidí sin, óir do cuireadh deire leis an roinn sin, tá ocht mbliain ó shoin ann. Chomh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach, ní bheadh thar £2,000 sa bhliain ag teastáil. Tá mé cinnte dhe go mbeidís sásta le n-a leath san. Sé an cháilíocht atá uatha. Múinteoirí cáilmheara is eadh iad agus ba cheart creidiúint éigin a thabhairt dóibh.
Deir an Rialtas sa Pháipeur Bhán a bhaineas leis an nGaedhltacht go nglacaid leis an moladh ina luaidhtear breis airgid a thabhairt d'óidibh scoile a bhaineann feidhm árd éifeacht as an nGaedhilg mar ghleus teagaisc. Cathoin a cuirfear an moladh san i ngníomh? Sin ceist go mba mhaith linn freagra fháil uirrí o'n Aire ar ball.
Maidir le múineadh na Gaedhilge is minic dom ag traoslú do na múinteoirí agus do'n Aireacht a bhfuil dá dhéanamh ins na bun-scoileanna. Ní mian liom an moladh san a tharraingt siar anois chomh fada is a théigheann furmhór na scol. Acht is eagal liom go bhfuil faillighe dá dhéanamh i gceanntracha áirithe. Tig liom ainmneacha na scol atá i gceist agam a thabhairt don Aire. An ceanntar ina bhfuil Clanna Caoilte agus an Sciobairín tá sé sa Ghaedhltacht agus tá dá scoil déag ann ar a luighead nach bhfuil dá-theangach, agus ní ró-mhaith a múintear an Ghaedhilg mar adhbhar léighinn féin ina leath acu san. Tá an Ghaedhilg dá lot i scoileanna na limistéireachta san.
Raghadh d'aon mhúinteoir, dá fheabhas é, obair fhóghanta a dhéanamh dá mbeadh ocras ar na leanbhaí scoile, no dá mbeidís fuar fliuch sa scoil i rith an lae. Is minic ocras ar a lán acu agus is minic dóibh bheith leathbháidhte ar sroisint teach na scoile dhóibh. Ba chóir teine mhaith, nó teinte maithe, bheith i ngach scoil ar feadh na haimsire fuaire i dtreo is go bhfeudfaí na cótaí is eile a thiormú agus i dtreo is go mbeadh na leanbhaí compórdach agus i n-ann tairbhe a bhaint as an dteagasc. Tá fhios ag an saol gur mó áit ná fuil an compórd san ar fáil acu.
Acht is measa an t-ocras ná an fuacht agus is coitchianta an galar é. Ba chóir lón a sholáthar dóibh um mheadon lae—cadhain bainne, té nó cocoa, cuir i gcás. Ní hiad na leanbhaí bochta amháin a bhíos ocrach ar scoil agus bheadh cuid mhaíth de na túismightheoirí sásta díol as an lón san. Is fíor go bhfuil de chead ag na comhairlí áitiúla ráta a leaga ina chóir sin acht ní leor san. Dá dtuigfeadh na daoine a thabhachtaighe is tá an scéal so i gcúrsaí sláinte, bheadh an tairgead ar fáil. I dtaobh na meadhon-scol is baoghalach nach bhfuilid ghá nGaedhlú chomh mear leis na bun scoileanna. Tá's agam dá cheann acu ná fuil chomh Gaedhlach agus bhíodar ocht mbliain ó shoin. Is le deunaighe a tosnuigheadh ar an nGaedhilg i gcuid acu agus b'fhéidir nár cheart bheith borb leo. Sin iad na scoileanna a bhí i gceist agam nuair a fhiafhruigheas de'n Aire ar an 23adh lá de Shamhain, 1927, cé mhéid Gaedhilg a bheadh riachtanach orra chun an deontas fháil. Ní fheadar an bhfuil sé socair fós ag an Aireacht cé mhéid mac léighinn fén gcéad is gá dhóibh súd do chur ag foghluim na Gaedhilge, no do chur isteach i gcóir an dá theistiméireacht. Do cuireadh fiosrúchán amach go dtí na meadhon-scoileanna ag Aireacht an Oideachais an dara lá d'Eanair, 1928, ar lorg a dtuairimí fá chlár na n-adhbhar léighinn a atharú. Bheinn buidheach don Aire dá n-eosadh sé dúinn cé an toradh a bhí ar an gcearclán san, agus an bhfuil aon bhaol ann go mbainfí feidhm as an gcúrsa íochtair chun stáid na Gaedhilge d'ísliú. Dála an scéil, ceapann a lán múinteoirí, agus daoine eolasacha nach iad, go bhfuil an cúrsa léighinn sa Sacs Bheurla ródheacair agus go mbíonn cuid mhaith de na ceisteanna diamhair agus doimhin a ndóthain d'aos Ollscoile. Níl fhios agam an iad na cailíní féin, nó na scrúduightheoirí no an modh múinteoireachta is cionntach leis acht tá trí cinn d'abhair léighinn ina dteipeann orra chuile bhliain—mar atá an Laidean, Matamaitice, agus an dá ghnáth roinn den ealadhain.
B'fhéidir nár mhisde dom roinnt figiúirí a luadhadh mar dheimhniú ar an sceul sin. Chuaidh 307 cailíní fán scrúdú i gcóir na hArd teistiméireachta anuiridh. Orra súd bhí 55 iarrathóirí sa Laidin. D'éirigh le 43, no 14%. Bhí 204 iarrathóirí sa Matamaitice agus d'eirigh le 67, no 22%.