Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 11 Jul 1933

Vol. 48 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúdúithe i gcóir an Teastais.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais Cá mhéid daoine a bhí fé sgrúdú i gcóir an Teastais, agus an Teastais Dhá Theangthach, agus an Ard-Teastais i mí Márta i mbliana agus cá mhéid daoine gur eirigh leo ins gach sgrúdú dhíobh.

Teasbáineann na figiúirí seo leanas an méid daoine a chauaidh fá'n scrúdú scríobhtha san nGaedhilg i Mí na Márta ghaibh tharainn agus an méid díobh gur éirigh leo sa scrúdú sin:—

Scrúdúchán fé Theastais Ghaedhilge, 1933.

Grád.

An méid daoine a bhí fé scrúdú.

An méid gur eirigh leo sa scrúdú scríobhtha.

Teastas

555

222

Teastas Dhá Theangach

1,653

370

An tArd-Teastas

440

27

Na hiarrathóirí gur éirigh leo sa scrúdú scríobhtha ní mór dóibh, chun an Teastas atá i gceist do bhaint amach, scrúdú a sheasamh i labhairt na Gaedhilge agus "pas" fhagháilt sa triail sin chomh maith. Tá an triail i labhairt na Gaedhilge idir lámhaibh ag na Cigirí fá láthair.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an mó duine a bhí fé sgrúdú i gcóir Teastais na Gaedhilge i mbrainse an Ghairmoideachais i mí Márta i mbliana, agus an mó duine a fuair an Teastas de bharr an sgrúduithe sin.

Teasbáineann na figiúirí seo leanas an méid daoine a bhí istigh ar na Scrúdúcháin atá luaidhte thuas, agus an méid díobh gur éirigh leo 'sna trialacha scríobhtha:—

(a) Teastas Múinteóra Gaedhilge.

An t-iomlán

82

Fuair Pas sa triail scríobhtha

36

(b) Ceárd-Teastas Gaedhilge.

An t-iomlán

50

Fuair Pas so triail scríobhtha

15

Na hiarrathóirí gur éirigh leo sa scrúdú scríobhtha ní mór dóibh, chun an Teastas atá i gceist do bhaint amach, scrúdú a sheasamh i labhairt na Gaedhilge agus "pas" fhagháilt sa triail sin chomh maith. Tá an triail i labhairt na Gaedhilge idir lámhaibh ag na Cigirí fá láthair.

Barr
Roinn