den Aire Oideachais Cá mhéid daoine a bhí fé sgrúdú i gcóir an Teastais, agus an Teastais Dhá Theangthach, agus an Ard-Teastais i mí Márta i mbliana agus cá mhéid daoine gur eirigh leo ins gach sgrúdú dhíobh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúdúithe i gcóir an Teastais.
Teasbáineann na figiúirí seo leanas an méid daoine a chauaidh fá'n scrúdú scríobhtha san nGaedhilg i Mí na Márta ghaibh tharainn agus an méid díobh gur éirigh leo sa scrúdú sin:—
Scrúdúchán fé Theastais Ghaedhilge, 1933.
Grád. |
An méid daoine a bhí fé scrúdú. |
An méid gur eirigh leo sa scrúdú scríobhtha. |
Teastas |
555 |
222 |
Teastas Dhá Theangach |
1,653 |
370 |
An tArd-Teastas |
440 |
27 |
Na hiarrathóirí gur éirigh leo sa scrúdú scríobhtha ní mór dóibh, chun an Teastas atá i gceist do bhaint amach, scrúdú a sheasamh i labhairt na Gaedhilge agus "pas" fhagháilt sa triail sin chomh maith. Tá an triail i labhairt na Gaedhilge idir lámhaibh ag na Cigirí fá láthair.
D'fhiafruigh
den Aire Oideachais an mó duine a bhí fé sgrúdú i gcóir Teastais na Gaedhilge i mbrainse an Ghairmoideachais i mí Márta i mbliana, agus an mó duine a fuair an Teastas de bharr an sgrúduithe sin.
Teasbáineann na figiúirí seo leanas an méid daoine a bhí istigh ar na Scrúdúcháin atá luaidhte thuas, agus an méid díobh gur éirigh leo 'sna trialacha scríobhtha:—
(a) Teastas Múinteóra Gaedhilge. |
|
An t-iomlán |
82 |
Fuair Pas sa triail scríobhtha |
36 |
(b) Ceárd-Teastas Gaedhilge. |
|
An t-iomlán |
50 |
Fuair Pas so triail scríobhtha |
15 |