Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 6 Jun 1940

Vol. 80 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas fá choinne Drámaidheachta.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais ar cuireadh litir chuig daoine áithrid i dTír Chonaill ar an 28adh lá de Lúnasa, 1935, á rádh leo go raibh rún ag an Roinn Oideachais deontas céad púnt a chaitheamh fá choinne drámaidheachta i bhfíor-Ghaedhealtacht Thír Chonaill a chur chun tosaigh; má cuireadh, ciarbh iad na daoine úd agus ar ghlac siad le cuireadh coiste a dhéanamh daobhtha féin chun comhairle a thabhairt don Aire fán deontas; an dtug an coiste úd comhairle dó gach bliain ó shoin, ag moladh dó fán dóigh ab fhearr leis an deontas a chaitheamh i dTír Chonaill, agus fán obair atá na cumainn drámaidheachta i bhfíor-Ghaedhealtacht na conntae a dhéanamh; cia mhéid den deontas a caitheadh i dTír Chonaill gach aon bhliain agus, munar caitheadh an méid uilig, cadé'n fáth a bhí leis sin; an fíor gur caitheadh cuid den deontas so i gConntae Chorcaighe agus gur i gan fhios don choiste do rinneadh amhlaidh agus gur bheartuigh na baill den choiste a bhí ag an chruinniú deirionnach eirghe as dá bharr sin; agus, más fíor, cadé'n t-údarás a bhí ag an Roinn le airgead a bhí ceaptha do Thír Chonaill a chaitheamh i gCorcaigh.

Ní ar mhaithe le drámuíocht i bhFíor-Ghaeltacht Thír Chonaill amháin a cuireadh an deontas ar fáil ach ar mhaithe leis na Fíor-Ghaeltachta uilig. Dá bhrí sin, ní, gádh dhom ceisteanna eile an Teachta d'fhreagairt.

Barr
Roinn