den Aire Oideachais an feasach dó go bhfuiltear ag congbháil díolaidheachta deontais an dá phúnt ar gcúl ar pháistí áirithe san Ghaedhealtacht siocair go bhfuil fiacha no riaráiste ar a gcuid aithreach ag Bord na nOibreacha Poiblidhe no ag Coimisiún na Talmhan; má tá, an bhféachfaidh sé chuige go ndíolfar an t-airgead so gan mhoill agus nach gcromfar feasta ar an dóigh mhío-shásúil seo le hairgead a chongbháil don Stát atá saothruithe ag páistí sa Ghaedhealtacht.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas an Dá Phúnt.
D'fhiafruigh
Rud bunúsach réasúnta is eadh é gan airgead d'íoc as cisde an Stáit le daoine atá i ndiaidh láimhe i n-ais-íoc na n-iasacht a fuaireadar ón Rialtas. Níl mé toilteannach, dá bhrígh sin, dul siar ar an socrú atá déanta le dhá bhliain chun riaráiste na n-iasacht sin do bhaint dhe'n deontas dá phunt.