Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 6 Jun 1940

Vol. 80 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóthar Iarainn Loch Súiligh.

D'fhiafruigh

den Aire Tionnscail agus Tráchtála an bhfuil fhios aige go bhfuil lucht stiúrtha bóthair iarainn Loch Súiligh tar éis a mbóthar iarainn fríd Thír Chonaill a dhruid; ar tugadh na cirt go léir i geúrsaí gnaithe iompair earraí ceannaíochta i gceanntar an bhóthair iarainn do Chuideachtain Loch Súiligh fá'n scáth agus fá'n leithscéal gurbh éigin é sin a dhéanamh le haghaidh an bhóthair iarainn a chongbháil ara bhonnaí; agus, os rud é go bhfuil an bóthar iarainn sin druidte anois, an mbeidh an tAire toilteannach na cirt aon-tseilbhe a bhaint den chuideachtain agus cead a thabhairt do dhaoine eile gnó iompair ceannaíochta a bheith ar siubhal aca más mian leo é.

Is eol dom go bhfuil Cuideachta Bhóthair Iarainn Dhoire agus Loch Súilighe tar éis deireadh a chur le déanaí leís na seirbhísí traenach go léir ar an gcuid sin dá mbóthar iarainn atá idir Leitir Ceanainn agus Ailt an Chorráin agus leis na seirbhísí traenach do phaisnéirí idir Druim Muineacháin agus Leitir Ceannainn.

Maidir leis an dara cuid den cheist ní ceart a cheapadh—mar a thugann an cheist le tuisgint—gurb é fáth ar tugadh de chomhacht do chuideachtana bóthair iarainn, leis na hAchtanna um Iompar ar Bhóithre, gach ceart um iompar ar bhóithre puiblí do ghlacadh chúcha féin ná chun a chur ar a gcumas a mbóithre iarainn do choinneáil ar siúl pé cuma ina mbeadh an scéal acu. Dá bhrí sin níl aon bhonn leis an tríú cuid den cheist.

Barr
Roinn