Tairgim:
Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £350 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1944, chun Costaisí i dtaobh Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, maraon le hAiteanna Coinneála (8 Edw., 7. c. 67; Uimh. 17 de 1926; Uimh 12 de 1941; etc.).
That a Supplementary sum not exceeding £350 be granted to defray the charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1944, for Expenses in connection with Reformatory and Industrial Schools, including Places of Detention (8 Edw. 7, c. 67; No. 17 of 1926; No. 12 of 1941; etc.).
Tá £690 sa mbreis ag teastáil i gcóir costaisí na Scoltacha Saothair; £466 sa mbreis i gcóir Ionaid Choinneála; £250 sá mbreis i gcóir Costaisí Aistrithe agus £84 sa mbreis i gcóir Costaisí Bailithe Airgid Tuismitheoirí. De bhrí go bhfuil méadú £1,140 ar an Meastachán leasuithe i gcóir Leithreas-i-gCabhair thar mar a bhí sa gcéad mheastachán, ní bheidh ag teastáil ach £350 glan. £3,860 a bhí sa gcéad mheastachán agus £5,000 atá sa mheastachán leasuithe.
Scoltacha Saothair: £117,810 an meastachán a bhí ann i dtosach i gcóir na Scoltacha seo. Má cuirtear leis sin an £690 sa mbreis atá ag teastáil, £118,500 an meastachán leasuithe fán Mírcheann seo. An méadú atá tagtha ar an líon páistí sna scoltacha sin nach mór íoc asta as Deontas Caipitíochta an Stáit is údar leis sin. I gcóir 6,100 malrach a rinneadh socrú sa gcéad mheastachán. Tugadh 70 teastas scoile sa mbreis ach ar an taobh eile tháining laghdú í 87 go dtí 40 ar an méid teastas a tugadh do Scoil an Chabháin i ngeall ar an teine mhí-ámharach a thárla sa scoil sin.
Gach bliain de na cúig bliana seo chuaidh tharainn bhí méadú ar an uimhir nár mhor íoc asta as deontas an Stáit.
Ionaid Choinneála: £684 an meastachán a bhí ann i dtosach ina gcóir seo. £1,150 an meastachán nua, sin £466 de bhreis. Séard is údar leis an mbreis sin go raibh an uimhir ógbhaidh a rinne cortha agus na malraigh a cuireadh isteach san Ionad Coinneála i gCnoc an Chríonáin, agus in áiteacha nach é, beagán níos mó ná mar a raibh súil leis. Mhéaduigh an costas cothuithe dá réir.
Do méaduíodh an uimhir in aghaidh an lae de ógbhaidh a rinne cortha agus de mhalraigh a bhí i nIonaid Choinneála i rith na gcúig mblian a chuaidh tharainn ó 4 i 1939 go dtí 11 i 1943.
Airgead Tuismithcoirí — Costaisí bailithe: Friothadh níos mó ná mar bhíothas ag súil leis ó thuismithcoirí agus ó dhaoine eile a bhfuil ortha suim a íoc as cothú ógbhaidh a rinne cortha agus malrach i Scoltacha Ceadúnuithe agus b'éigin coimisiún dá réir sin a íoc leis an mbailitheoir.
Roinntear idir Roinn an Oideachais agus na hÚdaráis Aitiúla na síntiúisí atá orduithe do thuismitheoirí no do dhaoine eile a bhfuil dlite uatha síntiúisí íoc.
Leithreasaí-i-gCabhair: Ní rabhthas ag súil leis an oiread fháil agus a friothadh ó thuismitheoirí agus de bharr na liúntas a thig ó na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhíleachtaithe i gcóir ógbhaidh a rinne cortha agus malraigh atá i Scoltacha Ceartúcháin agus Scoltacha Saothair. Taréis íocaíocht a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla fé Alt 75 (7) d'Acht na Leanbhaí 1908 (arna leasú le Alt 22 (b) d'Acht na Leanbhaí 1941), táthar ag súil gur £5,000 an teacht isteach a bhéas ann fán Mírcheann seo. Sin £1,140 de árdú ar an gcéad mheastachán (£3,860).
Do réir mar thuigimse, níor tugadh cead le blianta fada do dhuine a labhrann as Ghaedhilg leagan Beurla do chur ar a gcuid cainnte san Gaedhilge na dhiaidh sin, ach mar gheall ar an Meastachán seo, gidh go gceapfadh daoine nach dtuigeann an Ghaedhilg go raibh a lán á rá agamsa, níl ann ach poinntí ag míniú na suimeanna airgeadais, agus níl ráidhte agam as Gaedhilg ach na poinntí atá le fáil taobh thiar den Mheastachán ar an bpáipéar bán atá ag gach Teachta.
As I have just said, if those who have not the advantage of understanding my Irish have a complaint to make, I have only to say that I have simply explained briefly in Irish the headings which are set out on the back of the Supplementary Estimate. The note there, I think, explains the matter sufficiently for an introductory statement. If there is any Deputy whose attention has not been called to these notes, I ask him to look at the back of the Supplementary Estimate.