Tairgim:—
Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £1,500 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1944, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
That a supplementary sum not exceeding £1,500 be granted to defray the charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1944, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education."
Tá £3,000 sa mbreis ag teastáil i gcóir costas taistil do Chigirí agus do Thimirí. Tá costas taistil taréis árdú go mór le gairid. 1/6 an míle an meánchostas atá anois ar chárr a fostuítear. 9 bpingne a bhí air roimh an gcogadh. I ngeall ar na deacrachtaí atá ag baint le taisteal bíonn ar chigirí bheith as baile níos mó ná bhíodh. Fágann sin go bhfuil árdú ag gábháil leis an liúntas cothuithe. Tá an-t-árdú ar an ráta liúntais atá an Roinn Airgeadais táréis a cheadú (1/6 sa mbreis in aghaidh na hoíche) ag cur leis an gcostas breise agus sé'n scéal céanna é maidir leis an liúntas a híoctar le hoifigeacha a bhaineas leas as a gcuid gluaisteán féin.
Laghduíonn an £1,500 atáthar taréis a shábháil, de bhrí nár líonadh folúntaisí a thárla ar fhoirinn na gcigirí agus na dtimirí, an t-árdú atá tagtha fán Mírcheann sco. Táimíd ag iarraidh na folúntaisí atá ann fá láthair do líonadh cho luath agus is féidir.