Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 12 Jul 1945

Vol. 97 No. 21

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tráiléiri Galach i mBaigh Dhún na nGall.

D'fhiafraí

den Aire Talmhaíochta an bhfuil fhios aige go bhfuil neart éisc le fáil i mbáigh Dhún na nGall ar siocair go bhfuair sé scíste ó na tráiléirí móra galach a thigeadh thar sáile chugainn, agus go bhfuil saothrú maith anois ag ár n-iascairí féin chois cladaigh, agus an bhféachaidh an Rialtas leis na tráiléirí móra galach a choinneáil amuich ar fad as báigh Dhún na nGall nó an teora a leathnu dhóibh ó thri mhíle go dtí deich míle ó thalamh.

Is eol dom a fheabhas chun iascaigh an áit atá i gceist ag an Teachta agus féachfaidh mé chuige go ndeanfar oiread cosanta agus is feidir ar ár gcuid báigheanna agus ár gcuid uisci cladaigh gan socruithe eadarnáisiúnta do shárú.

An bhfuil aon chaint ar siúl le Rialtas ar bith cile ar an gceist seo?

Níl faoi láthair, ach bhí.

Cathain a bhí an chaint seo ar siúl?

Cúpla mi shoin.

Barr
Roinn