Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £820,989 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, do mhéadú an Deontais d'Udaráis Aitiúla i gcóir faoísimh maidir le rátaí ar thalamh thalmhaíochta (Uimh. 35 de 1925, Uimh. 28 de 1931 agus Uimh. 23 de 1939).