Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £7,100 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, le haghaidh Cúitimh agus Iocaíocht eile alos Díobhála do Mhaoin arna ndéanamh de dheascaibh bombaí do scaoileadh anuas o aer-árthai coigríche agus teagmhais den tseamhail chéanna le linn an Stát do bheith gan bheith páirteach i gcogadh (Uimh. 24 de 1941).