Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £4,640 chun slánaithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocías chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1947, chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, ar a n-'áiritear Deontais um Thógáil Tithe agus Bréidíní Baile do cheannach agus do dhíol.
That a sum not exceeding £4,640 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1947, for Salaries and Expenses in connection with Gaeltacht Services, including Housing Grants and the purchase and sale of Homespuns.
Tá £2,680 níos mó ná mar a hiarradh anuraidh á iarraidh sa mheastachán so. Is mó de £4,303 an caiteachas iomlán a bhfuil soláthar á dhéanamh dó agus is mó de £21,623 na fáltais a meastar a gheofar. Ní thaspánann an meastachán aon laghdaithe taobh amuigh de na mírchinn a bhaineas le Sníomhachán agus Bréidín Baile.
Tá £1,100 de mhéadú ar chostas an Cheann-Ionaid, agus sé is mó faoi ndear é sin ná costas breise an bhónais agus gnáth bhreisithe ar thuarastail. Tá sa tsoláthar tuairim is £3,400 a bhaineas le foirinn atá ar iasacht ag Ranna eile Rialtais.
Tá £1,886 de mhéadú ar thuarastail na dTionnscal Tuaithe faoi mhírcheann D (1) toisc soláthar a bheith á dhéanamh do phostanna mar Mhaoirseoirí Bréidín Baile agus mar Mhaor Cumrathóra. Baineann na méadaithe beaga faoi mhírchinn D (2) agus D (3) le costas breise an bhónais éigeandála.
Tá £100 de mhéadú sa tsoláthar do chostais taistil faoi mhírcheann D (4). Sé faoi ndear an méadú de £3,410 faoi mhírcheann D (5) ná soláthar atá á dhéanamh chun maisíní nua agus áiseanna do mhaisíní chur ar fáil don Tionnscail Cniotála. Níl ach roinnt bheag á háireamh sa tsoláthar don ghléasra a bheas ag teastáil do na planndaí sníomhacháin agus snasála i gCill Chártha. Loirgeofar tuille soláthair dóibh más gá é. Ní rabhmar in ann na maisíní sa Tionnscal Cniotála a choimeád i gcóir cheart le linn an chogaidh agus sin é faoi ndear an soláthar bheith chomh mór anois.
Soláthraítear abhair do na Tionnscail Tuaithe faoi na mírchinn D (6), D (8), D (9) agus D (11). Taspánann na mírchinn sin le chéile go bhfuil £13,175 de mhéadú sa tsoláthar atá á dhéanamh. Tá méadaithe ar gach mírcheann taobh amuigh den mhírcheann do Shníomhachán, agus sé faoi ndear an laghdú Shníomhachán ná athmheas a deineadh ar chumas na bplanndaí a bheidh á n-oibriú.
Tá £8,184 de laghdú sa tsoláthar do Bhréidín Baile faoi mhírcheann D. 10. Nílimid ag soláthar don oiread slat i mbliana agus dar soláthraíodh anuraidh agus sin é faoi ndear an laghdú. Táimid ag cur chun an tionnscal seo a fheabhsú anois agus measadh nár mhiste bheith ag brath air go dtiocfadh laghdú éigin ar an dtáirgeacht ag féachaint don bhfeabhsú sin agus do chúrsaí an mhargaidh. Táimid ag cur carda tuaithe in Ard an Rátha d'fhonn rollaí chardálta a chur ar fáil do na sníomhadóirí. Fostófar Maoirseoirí chun cuairteanna a thabhairt ar no sníomhadóirí agus ar na fíodóirí le linn dóibh bheith ag obair faoi scéim na Roinne ach iocfar as an mbréidín a déanfar fé mar a deineadh go dtí seo.
Tá méadú beag faoi mhírcheann E. 1 sa tsoláthar do thuarastail na foirne tuaithe a bhaineas leis na Tionnscail Mara toisc costais breise an bhónais éigeandála. Tá soláthar a dhéanamh do mhéadú beag faoi mhírcheann E. 2 do chostais taistil na foirne sin.
Táimid ag soláthar £7,450 níos mó faoi mhírcheann E. 3 don Tionnscal Ceilpe agus Feamna ach tabharfar faoi ndeara go mbaineann £5,425 den mhéadú sin le costas iompair. Níor cuireadh aon tsoláthar isteach anuraidh i gcóir costais iompair na Ceilpe ná costais farthachta na slat mara. Níorbh fholáir ámh, faoi shocraithe na bliana seo, soláthar a dhéanamh dá leithéid, ach méadú dá réir a bheith ar na Leithreasaí-i-gCabhair. Tá soláthar á dhéanamh i mbliana don mhéid chéanna ceilpe a ndearnadh soláthar di anuraidh .i. míle tonna. Tá soláthraithe á ndéanamh do thrí mhile tona slata mara i mbliana i gcoinne an dá mhíle tonna a ndearnadh soláthar dóibh anuraidh. Níl sa tsoláthar don bhFeamain ach comhartha i gcoinne an sé céad tonna a ndearnadh soláthar dóibh anuraidh. Tuigfear, áfach, go ndéanfar an méid is féidir de na habhair go léir a cheannach do réir mar bheidh éileamh orthu. Ceannaíodh tuairim is ocht gcéad tonna ceilpe agus míle agus cúig chead tonna slata mara anuraidh. Táthar ag leanúint i mbliana arís den nós imeachta a cuireadh i bhfeidhm maidir le ceannach na ceilpe, toise gur mar sin amháin is féidir féachaint chuige go mbeidh togha na ceilpe ar fáil mar abhar leasacháin.
Tá £535 de mhéadú sa tsoláthar faoi mhírcheann E (4) don Tionnscal Cairrgíne. Ní déantar soláthar anseo ach don chairrgín a chuireann an Roinn ar an margadh i bpaicáidí mar abhar bídh. Is oth liom a rá nach mór an glaodhach atá ar na paicáidí sin le tamall anuas agus níltear ag déanamh soláthair ach don mhéid a meastar a bheidh ag teastáil don mhargadh. Is sa mhargadh thar lear a díoltar an chuid is mó den ghnáth-chairrgín agus déantear freastal ar an margadh sin trí ghnóluchta sa tír seo do cheannach agus d'onnmhuiríú na cairrgíne. Ní leanfar i mbliana den nós imeachta a bhí i bhfeidhm anuraidh ar chúrsaí cairrgíne agus, mar sin, is ar na bainteoirí agus ar an lucht deighleála a bhrathfaidh sé caighdeán agus cáil chairrgín na tíre seo a choimeád agus a chosaint.
Tá £1,212 de mhéadú sa tsoláthar faoi mhírcheann F (1) do thuarastail an Taisc-Ionaid. Sé is mó faoi ndear é sin ná méadú ar líon na foirne sna stórlanna maraon le costas breise an bhónais éigeandála. Tá méadú de £500 ar an soláthar d'Fhógránacht faoi mhírcheann F (2) agus tá méadú beag de £155 faoi F (3) d'Iolchostais an Taisc-Ionaid.
Níl aon difríocht sa tsoláthar faoi mhírcheann G do Sheirbhísí Ilghnéitheacha. Níl sna méideanna atá á soláthar faoi na mionranna ach comharthaí taobh amuigh den mhéid faoi mhionroinn (5) a bhaineas leis an Séirbhís Báid idir Oileán Cléire agus Dún na Séad i gContae Chorcaighe.
Baineann an méadú beag faoi mhírcheann H (1) le costas breise an bhónais éigeandála ar thuarastail na fóirne tuaithe atá i mbun cúrsaí tógála. Tá méadú beag ar an soláthar faoi mhírcheann H (2) do chostais taistil na foirne tuaithe sin.
Tá £2,250 de mhéadú sa tsoláthar faoi mhírcheann H (3) do dheontais faoi Achta na dTithe (Gaeltacht). Méadaíodh an soláthar toise go bhfuil súil le méadú do dhul ar an obair a bheas á dhéanamh ar thithe amach anseo. Níor deineadh aon athrú sa tsoláthar faoi mhírcheann H (4) do chostas deisiucháin na dtithe comhnaithe a ligtear ar chíos d'oidí scoile sa bhFíor-Ghaeltacht.
Tá mór-mhéid na bhfáltas a ndéantar soláthar dóibh faoi na mionranna (1) go dtí (3) de mhírcheann i bunaithe ar an soláthar a deineadh, ar thaobh an chaiteachais, d'abhair agus ceannacháin. Meastar, dá réir sin, go mbaileófar tuairim is £275,000 i mbliana as na tionnscail tuaithe go léir. Is méadú de thúairim is £21,300 é sin ar an méid a measadh a baileófaí anuraidh. Meastar gur mó de £6,200 a n-íocfar amach as na fáltais i mbliana mar pháigh oibre agus coimisiún díolacháin. Fágann san gur tuairim is £15,100 a meastar a bheidh de mhéadú sna Leithreasaí-i-gCabhair do na Tionnscail Tuaithe. Meastar gur tuairim is £63,000 a híocfar mar pháigh oibre i mbliana i gcoinne tuairim is £59,000 anuraidh; £26,400 sa bhliain 1939; agus £9,800 sa bhliain 1935.
Tá £6,337 de mhéadú sa mhéid a meastar a gheofar as Ceilp agus Feamain a dhíol ach baineann an chuid is mó den mhéadú sin leis an gcostas iompair a bheas le bailiú sa praghas díolacháin.
Tá méadú beag ar an méid a meastar a gheofar as Cairrgín a dhíol i bpaicáidí mar abhar bídh. Mar adúrt agus mé ag cur síos ar an mírcheann E (4) ní mór an glaodhach atá ar na paicáidí sin le tamall anuas.
Baineann na mionranna eile den mhírcheann le hAisíoca ar Iasachta Tionnscail, le Cíosa ar Thithe Comhnaithe d'Oidí Scoile sa bhFíor-Ghaeltacht agus le Fáltais Ilghnáitheacha. Tá laghdú ar an méid a meastar a gheofar i mbliana ó na hIasachtaí Tionnscail toisc an chuid is mó díobh a bheith glanta.
Mar bhuille scoir, ba mhaith liom a rá nach mór a thuigsint nach féidir tábhacht na hoibre atá á déanamh faoin meastachán seo do mhuintir na Gaeltachta a mheas do réir an méid bheag atá á iarraidh as chiste an Stáit. Taobh amuigh den pháigh oibre a híoctar amach sa Ghaeltacht trí na Tionnscail Tuaithe, íoctar tuairim is an méid chéanna arís trí thuarastail na ndaoine eile atá ar fostú sa Ghaeltacht; trí bhréidín baile, móin agus ceilp agus feamain a cheannach;; agus trí dheontais faoi Achta na dTithe (Gaeltacht).