Bé an muileann i Dún na Gall an príomh-ghearán a bhí aige ach dhein sé tagairt do mhion-rudaí freisin. Má tá an scéal i gceart aige, más rud é go bhfuil aon rud as ionad, déanamais iarracht chun é a chur i gceart gan mhoill.
Bhí an Teachta Diolúin i bhfad níos fearr ná mar a bhí an Teachta ón nGaeltacht. Sé mo thuairim gur labhair sé níos ciallmhaire ar fad mar gheall ar an nGaeltacht ná mar a labhrann sé i dtaobh na rudaí cile a bhíonn ar siúl aige sa Dáil. Do réir mar a thuigimse an scéal bhí níos mó eolais aige maidir leis an nGaeltacht ná a bhí aige maidir leis na huaireadóirí ná na horáistí. Aontaím leis go mbeidh an-dhíobháil déanta don Ghaeilge mura sábháltar an Ghaeltacht, díobháil gan teora. Tá súil agam féin, a chuireann suim sa Gaeltacht, a bhfad níos mó suime a chur ann ón uair sin amach.
Dúirt an Teachta Mac Pháidín nach mbeidh muintir na Gaeltachta sásta a thuilleadh, leis an slí mhaireachtana a bhí acu tríocha blian ó shoin. Tá cruth nua ar an saol agus tuigeann muintir na Gaeltachta an t-athrú atá tagtha ar an saol. Ní bheidh siad sásta a thuilleadh le bochtanas agus cur-síos go deo. Ceist ar leithligh ar fad is ea ceist na Gaeltachta agus níl réiteach na ceiste sin i dtalamh na Gaeltachta ná in aon roinnt a dhéanann Coimisiún na Talún ar an talam ann. Caithfimid níos mó ná sin a dhéanamh agus caithfimid aon tionnscal is féidir linn a chur ar bun ann agus na tionscail atá ann anois a leathnú agus a mhéadú chun gach obair is féidir a chur ar siúl sa Ghaeltacht agus chun na daoine go bhfuil an Ghaeilge acu a choimeád sa bhaile. Mura féidir le muintir na Gaeltachta maireachtain ann beidh deireadh leis an nGaeilge agus níl slí mhaireachtana cheart acu anois, acu go léir, pé scéal é, ar an talamh.
Dúirt cheana go bhfuilimíd i Seirbhísí na Gaeltachta ag síor-mhachtnamh agus ag síor-cheapadh scéimeanna nua lena gcur ar bun ann. Ba mhaith linn go ndéanfadh gach Teachta sa Dáil aon chabhair is féidir leo a thabhairt dúinn chun níos mó eolais a chur ar fáil dúinn maidir le scéimeanna oiriúnacha a cheapadh, agus maidir le scéimeanna atá oiriúnach don Ghaeltacht chun gan ligean dóibh tosnú in aon áit eile.
Más fíor a ndúirt an Teachta Mac Phartholáin go bfuil an obair atá ar siúl sna monarchan nó in aon áit a bhfuil daoine ag obair faoi na scéimeanna, go bhfuil an obair sin róthrom do na cailíní—agus ní dóigh liom go bhfuil, ach más rud é go bhfuil aon dabht ann ba cheart feacaint isteach ann agus é a chur i gceart. Ní mhaith liom bheith ró-dhian ar aon duine a bhíonn ag obair, ach do bheinn andhian orm féin sar a ndéanfainn aon rud i bhfoirm obair ró-throm a chur ar chailíní. Ní fearr ban mise in aon chor.
Dúirt an Teachta Ó Maolchatha go raibh rudaí bun-os-cionn i gContae Chiarraighe. Tá sean-fhocal ann maidir le cailleacha mallaithe agus is dóigh liom nach bhfuil na cailleacha mallaithe imithe ar fad as Ciarraighe fós. Ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun an caladh i nDún Chuinn a chur i dtreo agus ba mhaith liom an bóthar ar dhein an Teachta tagairt dó a chur i gceart. Ba cheart rud éigin a chur ar siúl ach ní leis an Roinn seo a bhaineann an obair sin in aon chor. Bíodh fhios ag gach teachta ó Chiarraighe go bhfuil baint ag Comhairle Chontae Chiarraighe leis an obair sin. Is féidir liomsa dul go dtí Oifig na nOibreacha Poiblí arís, ach nuair a dhiúltaíonn an Chomhairle i gCiarraighe aon rud a dhéanamh i gcás inarb iad atá freagarthach, ní féidir le hOifig na nOibreacha Poiblí tús a chur ar an obair. Ní ceart an mhuintir sa Bhlaoscaed a bheith mar atá siad anois gan caladh oiriúnach i nDún Chuinn agus ní ceart iad a bheith gan bóthar san áit sin ach oiread. Is féidir an caladh a dheisiú agus is féidir an bóthar a réiteach, ach caithfidh Comhairle Chontae Chiarraighe bheith freagarthach ina gcuid féin den obair.
Tá áiteanna seachas an Ghaeltacht go bhfuil cruth chomh dona orthu agus atá ar an Gaeltacht. Tuigim é sin ach, mar adúras, ceist faoi leith í ceist na Gaeltachta. Is í an tSeirbhís seo an t-aon seirbhís amháin gur féidir linn sár-obair a dhéanamh mar gheall ar an Gaeilge agus ba cheart dúinn tabhairt faoin obair sin i ndáiríribh.