Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 23 Jan 1947

Vol. 104 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeilge sa Dáil.

D'fhiafraigh

den Taoiseach ná fuil sé soiléir dó um an dtaca seo nach féidir an tír seo a ghaelú i gceart an fhaid atá obair na Dála á riaradh trí Bhéarla amháin; ná fuil a fhios aige go bhfuil an scéal ag dul in olcas in aghaidh an lae; agus chun feabhas a chur ar an scéal nach mithid dó scéim éigin a cheapadh gan mhoill i dtreo ná toghfar i gcóir na Dála, i gceann tréimhse áirithe, ach amháin daoine ar féidir leo an Ghaeilge a labhairt agus gnó na Dála a dhéanamh trí Ghaeilge chomh maith le Béarla.

Is cinnte go gcuideodh sé go mór le gluaiseacht na teangan obair na Dála a bheith á riaradh trí Ghaeilge agus is cabhair don ghluaiseacht agus dea-shompla don phobal aon fheidhm a bhaineas Teachtaí anseo as an teanga i ngnóthaí an Tighe. Is cinnte freisin nach mbeidh cuspóir na Gaeilge i ngar do bheith bainte amach go dtí go mbeidh gnóthaí na Dála á ndéanamh trí Ghaeilge.

Ní mheasaim, áfach, go rachadh sé chun tairbhe don teanga scéim den tsórt a mholas an Teachta a chur i ngníomh; ná ní chreidim go mbeadh taca an phobail le fáil ag a leithéid i láthair na huaire. Dá ndéantaí é beifí á ghearán tús mí-chuibhe a bheith á thabhairt don Ghaeilgeoir agus daoine a bheadh níos oiriúnaí ar bhealaí eile a bheith á gcoinneáil amach, in aghaidh toil na ndaoine, ó phostanna a bhfuil beatha an náisiúin ag braith chomh mór sin orthu.

Is í príomh-aidhm an chórais oideachais an Ghaeilge a thabhairt do na daoine atá ag éirí aníos le go mbeidh ar chumas gach duine a bheas ag lorg poist phoiblí nó aon phoist árdchéime eile a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.

Beidh toradh an chórais sin le feiceál i ndiaidh a chéile agus tá súil agam nach ro-fhada uainn an lá nuair a bheas an Ghaeilge go hiondúil ag na daoine is fearr cáilíocht i ngach gairm beatha de shaol an náisiúin. Nuair a thiocfas an lá sin beidh mórán Gaeilgeoirí maithe á dtoghadh coitianta le haghaidh na Dála agus le haghaidh comhluchtaí poiblí eile.

Idir an dá linn tá súil agam go bhféachfaidh na daoine, go háirithe muintir na Gaeltachta, chuige go dtiúrfar tús áite don Ghaeilge imeasc na gcáilíocht ba cheart a bheith ag daoine a bheas ag dul isteach ar na toghcháin Dála.

Bhfuil fhios ag an Taoiseach go ndeanfai níos mó oibre as Gaeilge dá mba rud é go raibh daoine anso indon an méid a deirtear as Gaeilge do chur síos? Cé go bhfuil na luath-scríobhneoirí is fearr sa domhan againn anso, má labhraimíd as Gaeilge sa Dáil, ní féidir leo an Ghaeilge sin do chur síos. Ba cheart é sin do leasú chun seans do thabhairt dosna daoine go bhfuil an Ghaeilge acu agus go bhfuil an dúil acu, an Ghaeilge do labhairt anso?

Níl fhios agam cén fáth nach bhfuil na scríobhneoirí againn. Deirtear liom nach bhfuil siad le fáil—daoine a bheadh indon oráid as Gaeilge do chur síos.

Nár cóir annsan seift éigin do cheapadh chun daoine fháil a bheadh ar a gcumas an obair sin do dhéanamh? Cé go bhfuil a lán daoine anso sásta úsáid do bhaint as an Gaeilge, níl siad sásta dul ar ais go dtí a seomra nó go dtí an leabharlann agus an méid atá ráite acu do scríobhadh amach—agus ní ceart a iarraidh orra é sin do dhéanamh.

Chuireas ceist faoi sin cheana agus dúradh liom nach bhféadfaí rud ar bith a dhéanamh. Cuirfidh mé tuairise arís anois féachaint an féidir an scéal a leigheas.

An dóigh leis an Taoiseach go bhfuil na luath-scríobhneoirí le fáil?

Deir an Teachta go bhfuil, ach deirtear liom nach bhfuil.

Nár chóir mar sin, gléas éigin eile do cheapadh?

Is it not common knowledge that it is almost impossible to get men to take down dictation at speaking speed in English, never mind in Irish, and is it not common knowledge that, if the business of this House was transacted through the medium of Irish, 95 per cent. of the Deputies would be unable to take any part in the proceedings, including some of the warriors I hear asking questions in Irish which they find great difficulty in following up with supplementaries?

Not 95 per cent.

Yes, 95 per cent. We can all say "Go mbeannuigheadh Dia dhuit".

Barr
Roinn