Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Jun 1948

Vol. 111 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Fostaíochta D'Oibridhthe Móna.

D'Fiafraí

den Aire Rialtais Aitiúil an feasach dó nach bhfuil tosaithe fós ar na scéimeanna fostaíochta dóibh siúd a chaill saothrú na móna; agus an dtig leis a rá cén uair a cuirfear idir lámha cuid na Gaillimhe díobh.

Maidir leis na scéimeanna seo, athruionn tosca an cháis ó chontae go contae. I geásanna áitithe fritheadh na scéimeanna sa Roinn níos déannaí ná mar a fritheadh na scéimeanna ó chondaethibh eile. Aontuiodh leis na scéimeanna uile a tháinigh isteach ach amháin i geás trí contaethe agus táthar á scrúdú suid go deithneasach. Níor thoilig roinnt condaethe glacadh leis an scéim fós agus do reir deallramh níl aon díomhaointeas i measc iad súid a choill saothrú na móna i roinnt contaethe eile. Aontuiodh le toiriscintí Cómhairle Chondae na Gaillimhe. Tá timcheall is 40 scéimeanna beaga i gceist agus tuigim go bhfuil timpeall 20 díobh súid curtha idir lámhaibh cheanna féin. Tuigim leis go bhfuil sé an-dheacair ar an cómhairle condae dul ar aghaidh leis na h-olbreacha seo mar nách bhfuil aon oibritheóirí móna diomhaoin i gcóir cuid díobh.

Barr
Roinn