den Aire Airgeadais an abróidh sé alos na mbliain 1947-48 agus 1948-49 faoi sheach cé mhéad Scéimeanna Beaga Fostaíochta a ceadaíodh do na Tuath-Cheantair (a) An Clochán; (b) Gaillimh; agus (c) Uachtar Ard.
Written Answers. - Scéimeanna Fostaíochta.
Ag seo leanas méad na Scéimeanna Beaga Fostaíochta a ceaduíodh ins na blianta 1947-48 agus 1948-49 ins na ceantair da ndeineann an Teachta tagairt:—
1947-48 |
1948-49 |
|
An Clochán |
38 |
30 |
Gaillimh |
44 |
20 |
Uachtar Ard |
45 |
24 |
IOMLAN |
127 |
74 |
O tharluíonn go gceaduightear deontas éagsúil le h-aghaidh gach oibre ní léiríonn na h-uimhreacha thuas coibhneas an chaitheachais. Do caitheadh tuairim is £13,000 i 1947-48 agus £10,000 i 1948-49.
Ni foláir dom a chur i gcuimhne fosta nach bhfuil ins na Scéimeanna Beaga Fostaíochta ach cuid de'n Chlár Scéimeanna Fostaíochta agus, mar a chuireas i n-iúl ar an 30ú Meitheamh san bhfreagra do cheist eile o'n Teachta, 'sé an t-iomlán a caitheadh (gan an caitheachas faoi'n Scéim Feabhsachán Feirme agus Cunamh Airgid Aoil agus Síl d'aireamh) o'n Bhóta Scéimeanna Fostaíochta agus Prainne ins na trí Tuath-Cheantair atá i gceist 'na £34,255 i 1947-48 agus £39,030 i 1948-49.