Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 17 Nov 1949

Vol. 118 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe Scoile i gCiarraighe.

D'fiafraí

den Aire Oideachais an bhfuil fhios aige go bhfuil roinnt tithe scoile i ndrochchuma i gContae Chiarraighe, agus an féidir leis a insint cé mhéid tithe nua scoile atá ar aigne aige a thógáil sa chontae sin agus cathain is dóigh leis a tógfar iad.

Tá roinnt tithe scoile i ndrochchuma i gCondae Chiarraighe.

Is léir liom go bhfuil sa chondae san aon scoil ar fhichid (21) gur cóir scoileanna nua a thógáil ina nionad a luaithe is féidir. Tá ceaduithe cheana féin deontaisí tógála i leith ceithre cinn (4) des na scoileanna seo agus tá súil agam go dtosnófar ar na foirgintí sin do thógáil i gcionn tamaill bhig.

I nocht gcinn (8) de na cásanna eile tá suímh le haghaidh scol nua tairgthe agus tá fiosrúcháin ar siúl i dtaoibh (a) oiriúnacht na suíomh (b) gnóthaí áirithe dlí fá thiodal na suíomh agus (c) an méid slí is cóir a chur ar fáil ins na scoileanna do na daltaí.

In sna naoi (9) gcásanna eile níor tairgíodh suíomh go fóill. Tá gach iarracht á dhéanamh ag an Roinn Oideachais dlús a chur leis na réamhghnóithe atá fós le réiteach sa bhfuíollach so de sna cásanna d'fhonn's go bhféadfaí deontaisí a cheadú as Chisde an Stáit i leith costais tógála na scol nua. Ní féidir liom a rá go cinnte, cathain a tógfar na scoileanna nua ach déanfar gach dícheall chun na foirgintí nua do chur ar fáil chomh lua agus is féidir é.

An féidir leis an Aire a rá an dtosnófar ar na scoileanna sin a thógaint taobh istigh den bhliain airgeadais seo chugainn?

Má dhéanann an Teachta machnamh ar an méid atá raíte agam tuigfidh sé nach féidir é sin a rá. Tá na deontais leagtha amach. I gcás cuid de na scoileanna tá suíomh faighte ag na bainisteoirí ach caithfimid fios fháil ar chúrsaí dlí i gcuid de na cásanna sin; agus tá naoi gcinn ann agus níl suíomh faighte ag na bainisteoirí dóibh. Ach má chuireann an Teachta ceist orm i dtosach na bliana, seo chugainn, b'fhéidir go mbeadh tuille eolais agam. Má dhéanann sé machnamh ar an méid atá ráite agam beidh fhios aige nach féidir freagra a thabhairt ar an gceist deireannach sin.

Barr
Roinn