den Aire Oideachais an abróidh sé an ndéanfaidh sé iarracht chun an leagan Gaeilge den Missale Romanum d'fhoilsiú i mbliana.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leagan Gaeilge den Missale Romanum.
D'fhiafraigh
Dubhart ar an dara lá fichead de mhí Mhárta, 1949, go raibh súil agam go mbeadh Leabhar an Aifrinn ar fáil go luath sa bhliain 1951.
Cé go bhfuilim a d'iarraidh ar gach aon slí ó shoin an obair do bhrostú níl an dul chun cinn déanta a rabhas ag súil leis.
Tá ceartú na bprofanna ag dul ar aghaidh go rialta, ach go mall. Ní dócha go mbeidh an chuid sin den obair críochnaithe i mbliana. Ní fhágfadsa gan déanamh éinní atá ar mo chumas a dhéanamh chum an leabhar do chur ar fáil.