den Aire Oideachais an abróidh sé cad iad na cearda go bhfuil ranganna lae curtha ar fáil dá gcuid printíseacha ag Coiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Átha Cliath.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ranganna do Phrintíseacha.
Siad na ceardanna go bhfuil ranganna lae curtha ar fáil dá gcuid printíseach ag Coiste Gairm-Oideachais Chathair Átha Cliath ná:—
Fuinteóirí
Péintéirí Cóistí
Deántóirí Caibinéad
Saoir Adhmaid agus Siúinéirí
Teilgeoirí Pictiúrlainne
Ceapadóirí
Eadaitheóirí
Leictreachóirí
Deasairí
Grósaeraí
Meaisíneoirí litir-ghléasa
Meiceanóirí Gluaisteán
Táthairí Ocso-eitín agus leitreachais (i gcóir lucht déanta Cóistí agus Cabhaileacha agus Bruithteóirí).
Luaidheadóirí
Péintéirí agus Maisitheóirí.
Ina gcuideachta sin, tá ranganna in abhair ghinearálta Teicneólaíochta a bhfuil printísigh ó na ceardanna seo leanas ag freastal orthu:—
Gaibhne
Déantóirí Bruithteóirí
Prás-snasadóirí
Cabhail-dheasóirí
Prás-mhúinleóirí
Bríceadóirí
Péintéirí Cóistí
Gaibhne Cré-Umha
Croí-dhéantóirí
Meaisineóirí Iarainn
Múnlóirí Iarainn
Gréas-dhéantóirí
Meaisíneóirí Adhmad-ghearrtha.