Tairgim:—
Go ndeonfar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1953, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin (Uimh. 16 de 1924), lena n-áirítear Deontas-í-gCabhair.
Go ndeonfar suim fhorlíontach nach mó ná £38,500 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1953, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin (Uimh. 16 de 1924), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair.
Is chuige a tugadh isteach an Meastachán Forlíontach comharthachta chun caoi a thabhairt do Dháil Éireann an Vóta i gcóir Gnóthaí Eachtracha a phlé. Ach, tar éis an Meastachán Forlíontach sin a chur timpeall, tharlagurbh éigean Meastachán Forlíontach eile a chur timpeall ag moladh £38,500 de mhéadú sa bhfóirdheontas don Ghníomhaireacht Nuachta Eireannach.
Suim £422,660 iomlán an Mheastacháin, lena n-áirítear an dá Mheastachán Fhorlíontacha, i geóir Gnóthaí Eachtracha don bhliain 1952-53. Sin glan-mhéadú de £22,530 ar an suim a soláthraíodh don bhliain 1951-52. Faoi mhíreheann C.2—An Ghníomháireacht Nuachta Éireannach—a tharla an príomh-mhéadú; tá an tsuim iomlán lena aghaidh sin, £18,500 níos airde ná suim iomlán na bliana 1951-52.
Nuair a bhí an Meastachán le haghaidh tuarastal sa bhliain reatha á ullmhú agam bhunaíos é ar líon na foirinne a bhí ag fónamh iarbhír. Ní dearnadh aon tsoláthar i gcóir postanna a bhí ar an mBunaíocht ach nár líonadh. Sábháladh roinnt airgid trí dheireadh a chur le postanna nár líonadh riamh (Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Londain); trí gan duine ar bith a cheapadh in ionad oifigeach a tugadh ar iasacht do Ranna eile nó do chomhluchtaí Stáit (Rúnaí Cúnta do Chóras Tráchtála Teoranta, Dara Rúní don Roinn Oideachais), agus cuireadh post amháin (Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Nua-Eabhroc) ar ceal, rud a shábháil beagnach £4,000.
I rith na bliana hathraíodh an caidreamh a bhí againn leis an nGearmáin ó chéim Chonsalachta go céim Taidhleoireachta. Ina theannta sin bunaíodh caidreamh taidhleoireachta le dhá thír nua, an Tuire agus an Ostair, tríd an ionadaí san Iodáil a chreidiúnú chun na Tuirce agus an t-ionadaí san Eilbhéis a chreidiúnú chun na hOstaire. Taobh amuigh dhíobh sin, ní dearnadh aon athrú i rith na bliana seo caite ar líon iomlán na n-ionadaithe ó ghairm atá ag an Stát ar an gcoigrích. Tá 19 gcinn d'Oifigí Gairmiúla againn i gcónaí (7 nAmbasadóireacht, 8 Leagáideacht, Ard-Chonsalacht amháin, agus trí Chonsalacht). Tá Consalacht Oinigh againn in Gothenburg, Oslo, Antwerp, Beyrouth, San Salvador agus, le roinnt míosa anuas, i Manila. Tá iomairle ar siúl i dtaobh a leithéid de cheapachán san Íoslainn.
Maidir le hionadaíocht eachtrannach in Éirinn, tá Rialtais na Tuirce agusna hOstaire tar éis a n-ionadaithe í bPáras a chreidiúnú chun na tíre seo, ar chéim Aire Lánchumhachtaigh. Tá Aire na hÍoslainne i bPáras creidiúnaithe chun na tíre seo freisin. Taobh amuigh den mhéid sin níor tháinig aon athrú ar an ionadaíocht eachtrannach sa tír.
Bhí áthas orainn i rith na bliana fáilte a chur roimh Nuneio nua an phápa, A Oirearcas an Dochtúir Ó hEadhra. Is deimhin liom gurb é main na Dála go nguidhfinn tréimhse shona dhó sa tir seo. I rith na bliana freisin fuair a Oirearcas Francis P. Matthews, Ambasadóir na Stát Aontaithe, bás. Ba mhaith liom athuair, thar ceann na Dála, a rá go ndeanaimid comhbhrón le húdaráis na Stát Aontaithe agus le baintrigh agus clann an Ambasadóra
Bhí éileamh mór ar Phasanna i rith na bliann (cé gurbh ísle é, ní nach ionadh, ná mar bhí sa mBliain Naofa, 1950) toise gur chaith níos mó d'ár muintir saoire thar lear i mbliana ná mar chaith aon bhliain eile. Is lú go mór an méid visa a tugadh ná mar tugtaí sna blianta díreach tar éis an chogaidh, mar gheall ar na comhaontuithe a rinneadh le tíortha eile chun deireadh a chur le visa. Rud tábhachtach a tharla, an chéad lá d'Aibreán seo caite, gur cuireadh deireadh leis an ngá a bhí, ó aimsir an chogaidh, le doiciméid taistil idir Éire agus an Bhreatain Mhór. Tá ár n-oifigí thar lear, go háirithe sna Stáit Aontaithe, ag leanacht de sheirbhís luachmhar a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha i gcásanna a bhaineas le huachta.
Ar an taobh eacnamúil dhe is cuid thábhachtach de ghnó na Roinne tráchtáil choigríche na hÉireann a shaothrú. Caitheann ár dtaidhleoirí uile thar lear a lán dá n-am ag cur onnmhuirithe na hÉireann ar aghaidh sna tíortha ina bhfuilid. Tá Comhaontú Trádála i bhfeidhm faoi láthair idir an tír seo agus dhá thír dhéag. Tá a lán de na tíortha sin rannpháirteach linn san Eagras um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip. Is de chineál leanúnach cuid de na Comhaontuithe sin, ach cuid eile, ar a n-áirítear na Comhaontuithe tábhachtacha ato againn leis an nGearmáin, an Fhraináagus an Ísiltír, is amhlaidh a déantar as an nua gach bliain iad.
Is lán-leor mar fhianaise ar fhiúntas na gComhaontuithe sin gur chuireamar i 1952, d'ainneoin an lagadh coiteann a tháinig sa trádáil eadarnáisiúnta le dhá mhí dhéag anuas, luach £5.9 milliún punt d'onnmhuiríthe chun na dtíortha, seachas an Bhreatain Mhór, lena raibh Comhaontuithe Trádála againn. Níor chuireamar chun na dtíortha sin ach luach 5.3 milliún punt i 1951.
Ba bheart tábhachtach i saothrú ár dTrádála Coigríche Córas Tráchtála Teoranta a bhunú i rith na bliana. Tá an comhlucht sin anois tar éis a ghlacadh de chúram air féin ár dtrádáil le líomatáiste an dolaeir a chur chun cinn. Táthar anois tar éis oifigigh trádála agus fo-oifigigh eile d'Fhoirinn na Roinne seo sna stáit aontaithe, maraon le Rúnaí Cúnta ón gCeannOifig, a thabhairt ar iasacht go lánaimsireach don chomhlucht sin.
Ní cheapaim gur gá anois a thuilleach a rá maidir leis an gcor atá tar éis teacht de dheasca deireadh a chur le Cabhair Mharshall agus de dheasca an U.S. Mutual Security Act, 1951, a rith. Tá eagras amháin, afach, a d'fhás as Cabhair Mharshall, eadhon, an tEagras um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip, ag feidhmiú go bríomhar go fóill. Tá a coin féin á dhéanamh ag Éire i gcónaí san eagras sin. Tugann sé caoi an-mhaith do na tíortha is comhaltaí dhe chun na ceisteanna tromaí a scrúdú a thig go sonrach as an Easnamh Dolaeraí atá ann i gcónaí agus chun go bpléifidís na modhanna ar a bhféadhfaí na fadhbanna d'fhuascailt trí chomhbheart.
Leanann an Roinn dá feasachán seachtainiúil, tuairim 6,500 cóip, d'eisiúint. Chomh maíth leis sin, eisíonn an Roinn an Six County Newssheetin aghaidh na coicíse. Bíonn ann nuacht “suas chun dáta” ar chúrsaí sna Sé Chontae agus ar ghníomhachtaí ag cur i gcoinne na Teorann, agus cuirtear é seo timpeall chun daoine a bhfuil suim ghníomach acu sa bhfeachtas i gcoinne na Teorann. Is í an Roinn a imdháileann anois na paimfléidí um Dhichur na Teorann d'ullmhaigh an Coiste Ilpháirteach um Dhíchur na Teorann.
I dteannta na ngníomhachtaí sin, eisíonn an Ambasadóireacht i bPáras feasacháin tréimhsiúla (i bhFraincis) agus eisíonn an Ambasadóireacht i gCanberra feasacháin tréimhsiúla freisin. Roimhe seo dhéannadh an Ambasadóireacht i Washington feasachán d'eisiúint, ach tá deireadh leis sin anois agus eisitcar feasachán na Roinne ina ionad. Maidir le cúrsaí eolais de, sholáthraigh an roinn freagraí ar cheisteanna de gach saghas, a cuireadh chun na Roinne féin agus chun na misiúin thar lear ó eachtrannaigh a raibh suim acu in Éirinn. I gcomhair le hOifig Eolais an Rialtais agus le Bord Cuartaíochta na hÉireann, fógra Fáilte, Aer Lingus, agus Córas Iompair Éireann, rinneadar deimhin de go bhfaigheadh iriseoirí a tháinig anseo gach deis faid a bhíodar sa tír. Rinneadh tagairtí d'Éirinn i nuachtáin choigríche a scrúdú agus, aon uair ba ghá é, ceartaíodh ráitis mhí-chruinne.
Ní gá dhom trácht go mionchruinn ar a ndearna an Coiste Comhairlitheach um Chaidréamh Cultúra i rith na bliana seo caite ós rud é go bhfuil sin dearta i dTuarascáil an Choiste, a cuireadh chun na Teachtaí. Measaim go n-aontófar, tar éis an Tuaraseail sin a léamh, gur éirigh go cumasach leis an gCoiste. Dhligh an obair sin síor-aire agus comhoibriú ó Chomhaltaí an Choiste, agus is mian liom mór-bhuíochas a chur in iúil dóibh thar mo cheann féin agus thar ceann an Rialtais toise a fhonnmhaire a chaitheadar am is dúthracht chun na seéimeanna a tionscnaíodh a thabhairt chun críche chomh maith sin.
I rith na bliana ghlacamar páirt ghníomhach i geúrsaí Chomhairle na nEorpa agus rinne ár dtoseairí, cuma cén Páirtí ar de iad, tuairim mhuintir na hÉireann faoin nf a bhíodh faoi dhíospóireacht a chur faoi bhráid na Comhairle agus ligeadar solas, aon tráth a fuaireadar deis, ar an éagóir atá an chríoch-dheighilt a dhéanamh ar ár dtír.