asked the Minister for the Gaeltacht if it is proposed to allocate a grant to the Dingle Harbour Commissioners for the resurfacing of the pier as requested by the deputations who met him on his recent visit to the Dingle Peninsula.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Resurfacing of Dingle Pier.
An toscaireacht a tháinig chugam, d'iarradar go n-aithneofaí cuan Daingean Uí Chúise mar mhór-chuan iascaigh, agus go ndéanfaí é d'fhorbairt dá réir sin. Moladh an obair a luaitear sa cheist mar cheann de na feabhsúcháin ba ghá a dhéanamh. Idir an dá linn, táim tar éis tuairimí na toscaireachta a chur faoi bhráid an Aire atá freagrach i gcúrsaí iascaigh le go bhféadfaidh seisean iad a bhreithniú, ó tharla gur gnó dá Roinn siúd, go príomha, ceist forbartha Chuan Daingean Uí Chúise mar chuan iascaigh.