Sé an suim atá uainn i gcóir Comhdhail Náisiúnta na Gaeilge na £4,000. Sin breise don chuntas do Choghail Náisiúnta na Gaeilge iníochta faoi choinniollacha leagtha síos ag an Aire Oideachais le haontú an Aire Airgeadais.
Bhí deontas-i gcabhair de £8,000 ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1946 nuair nach raibh an Chomhdháilach ina thús, deontas £10,000 i 1948 agus deontas de £10,300 sna blianta 1954-56. Cuireadh deontas de £9,800 ar fáil tré meastachán na bliana 1958-59.
Tháinig toscaireacht ón Chomhdháil chun cainte, áfach, leis an dTaoiseach, le hAire na Gaeltachta agus liomsa i mí Aibreáin 1958 agus rinne siad cás go mba chóir an deontas a cuireadh ar fáil dóibh a mhéadú i ngeall go háirithe ar an laghdú atá tagtha i luach an airgid le blianta anuas.
Chuir an toscaireacht in iúl gur bh'éigin don Chomhdháil cumhangú mór a dhéanamh ar a gcuid imeachtaí toisc an laghdú a bhí tagtha ar luach an deontais. Bhí orthu, mar shompla, duine dá gcuid timirí do chur den bhóthar, scor de scoláireachtaí de scríbhneoirí etc. Ba mhór mar do ghoill an cumhangú san, easpa timireachta agus poiblíochta go speisialta, ar chúrsaí na gClub Leabhar tré líon na gcomhaltaí do choimeád ró-íseal. Sé an líon comhaltaí atá ann faoi láthair i gcás Club Leabhar na Sinsear ná 2,200 agus i gcás Club Leabhar na Sóisear ná 2,500.
Fagann den líon ró-bheag comhaltaí atá ins na clubanna leabhar agus den éileamh ró-bheag atá ar leabhair Gaeilge ag an bpobal i gcoitinne go mbíonn sé riachtanach cabhair speisialta do thabhairt d'fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge i dtreo nach mbeidh cailliúint ró-mhór orthu de bhárr leabhair Gaeilge do chur amach. Tugtar cabhair den tsórt sin tré Bhord na Leabhar Gaeilge ach táimíd sásta taréis dúinn an scéal do bhreithniú go mion nach leor an chabhair a tugtar ar an mbealach sin i gcás foilsitheoirí nach bhfuil gnó ró-mhór á dhéanamh acu agus go bhfuil gá dá bhrí sin lena thuille cabhrach i dtreo nach dtiocfaidh meath ar na clubanna d'uireasa leabhar oiriúnacha do bheith dá bhfoilsiú.
Dá bhrí sin tá beartaithe againn an deontas—i gcabhair do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge do mhéadú de £4,000 sa bhliain 1958-59 i dtreo go mbeidh ar a gcumas fiacha áirithea atá orthu de bharr an laghdaithe i luach an deontais do laghdú agus cabhair bhreise do thabhairt i leith costaisí a bhaineann le foilsiú leabhar áirithe gnáth litríochta i nGaeilge do no clubanna leabhar agus téacs leabhair áirithe do na meán-scoileanna.
Bhí sé de nós le tamall ag Gael-linn Gear-Scannáin Gaeilge do chur dá dtaispeáint ins na pictiúrlanna mar agaisín le Universal News. Bhí ceann de na gearr-scannáin sin ar thaispeáint gach mí. Thosnaigh Gael-linn ar scannáin bhreise do dhéanamh i dtreo go mbeadh ceann ar thaispeáint gach coichíos in ionad gach mí agus chuireadar an beartas sin i bhfeidhm le héifeacht ó Mhí Meán Fomhair 1958. Ar an iomlán chuireadar ocht gcinn de scannáin breise ar fáil.
Is chun cabhrú le Gael-linn chun costas na scannáin breise sin do ghlanadh atá an t-airgead breise seo ag teastáil. Tharla go bhfuil deireadh le Universal News anois ins na pictiúrlanna. Tá beartas eile i dtaobh gearr-scannáin Gaeilge fé bhreithniú idir Gael-linn agus lucht tairgthe scannáin do na pictiúrlanna. Ní féidir liom fós a rá cad a bheidh i gceist sa bhliain airgeadais 1959-60.
Is comhar cumann teoranta cláraithe é Dúnlaoi. Ceannaíodar teach i gCorcaigh mar cheanncheathrú do na gluaseachtaí eagsúla Gaeilge atá ar súil sa chathair. Chaitheadar £7,000 ar cheannach, deisiú, cóiriú agus troscán an tí agus tá an tsuim £3,000 dá iarraidh mar chabhair dóibh chun an costas san do ghlanadh. Bainfidh timpeall £1,000 in aghaidh na bliana le costais reatha an árais ach tá an Cumann chun an costas sin do sheasamh iad féin comh maith le fuíollach na gcostas caipitil.
Do hosclaíodh Dúnlaoi i mí na Nollag, 1956, agus tá imeachtaí mar seo leanas ar súil sa teach ó shoin:—
1. Taithíonn cumainn éagsúla Gaeilge na Cathrach an tÁras—Craobhacha de Chonnradh na Gaeilge, Cara, Cuallacht Gaelach na hOllscoile, An Réalt (Legio Mariae) etc.
2. In uachtar an tí tá Club Dúnlaoi: seomra suí, seomra ceoil, leabharlann agus seomra chaitheamh aimsire (Tá 300 ball sa Chlub— táille—giní). Bíonn na seomraí sin ar oscailt do bhaill an Chlub gach aon oíche sa bhliain agus bíonn clár ilghnéitheach seachtainiúil ann dhóibh.
3. Ar an gcéad urlár tá seomraí cruinnithe, cistin agus seomraí na gcótaí.
4. Ar an urlár tá an Amharclann (suíocháin do 120 stáitse). Anso bíonn céilithe, ceolchoirmeacha, scannáin. (Tá cumann drámaíochta bunaithe san Áras anois).
5. Ranganna: Bíonn sé ranganna sa tseachtain do dhaoine fásta. Tá ceithre síor ar na rollaí agus—ar éileamh na rang—leanann na ranganna an bhliain ar fad. Tuistí óga furmhór na scoláirí.