den Aire Oideachais an abróidh sé cad iad na scoileanna náisiúnta nua i dTír Chonaill a gcuirfear tús ar obair ortha i rith na bliana airgeadais seo; agus fosta cad iad na scoileanna a dheiseofar.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna i dTír Chonaill.
12. D'fhiafraí
Do réir eolais a fritheadh Ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí, táthar ag súil go gcuirfear tús sa bhliain airgeadais seo le tógáil ceithre scoileanna náisiúnta nua i dTír Chonaill agus le feabhsú ceithre scoileanna déag.
Do réir an chleachta atá á leanúint le fada ní foillsítear i leith eolais dá leithéid seo ainmneacha na scoileanna a bhíonn i gceist.