Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 10 Apr 1962

Vol. 194 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Thionscail i dTír Chonaill.

27. D'Fhiafraí

den Aire Tionscal agus Trachtála cé mhéid iarratas atá istigh ar dheontais do thionscail a bhunófar i dTír Chonaill.

Tá an t-eolas mar gheall ar iarrataisí a fritheadh ar dheontais do thionscail i gContae Thír Chonaill agus i gContaethe eile san tréimhse 22ú Eanair, 1952 go 31ú Márta, 1961 le fáil i dTuairiscí Bliantúla an Fhoras Tionscal. Níl an Tuairisc do'n bhlian dár chríoch 31ú Márta, 1962 ar fáil fós. Mar a dúirt mé ar an adhbhar so cheana, measaim nach cóir iarraidh ar an bhForas Tionscal eolas a chur ar fáil thar an t-eolas atá le fáil san Tuairisc Bhliantúil nó sar a foillsítear an Tuairisc.

Sin é an nós atá againn agus nós maith is sea é.

Barr
Roinn