I move:
That the National School Teachers' Superannuation (Amendment) Scheme, 1964, prepared by the Minister for Education, with the consent of the Minister for Finance, under section 6 of the Teachers' Superannuation Act, 1928 (No. 32 of 1928), and laid before the House on the 29th day of June, 1964 be confirmed.
Tá dhá aidhm leis an leasú atá dá bheartú anois ar scéimeanna aoisliúntais na múinteoirí náisiúnta. 'Sé an bun atá leis an gcéad cheann ná foráil a dhéanamh chun na cnapshuimeanna ar a dtugtaí deontais ex-gratia a híocadh faoin leasú scéime 1953 le múinteoirí a chuaidh ar phinsean roimh 1 Eanáir, 1950 d'athríomhadh sa tslí go dtabharfar an chreidiúint chéanna dóibh i leith a gcuid seirbhíse is a tugadh do na múinteoirí a chuaidh ar phinsean i ndiaidh an dáta sin. I mí na Márta, 1960, ghlac an Dáil le Vóta chun an soláthar cuí a dhéanamh i gcóir an chostais bhreise sin agus rinneadh íocaíocht leis na múinteoirí, nó lena mbaintreacha, bunaithe ar an triochadú cuid in ionad ar an gcéadú cuid den tuarastal inphinsin i leith gach bliana dá gcuid seirbhíse idir an bhliain 1905 agus an bhliain 1934. Bé méid na n-íocaíochtaí a rinneadh ná £328,070 agus sé an scéim leasaithe seo an ionstraim reachtúil a rialaíonn na híocaíochtaí sin.
Is é an dara cuspóir atá ag an leasú seo ná éifeacht a thabhairt do mholadh a rinneadh ag an Chomhairle Idir-Réitigh do na Múinteoirí Náisiúnta. Faoin moladh sin bheadh na múinteoirí i dteideal tuille creidiúna a fháil chun críocha pinsin i leith a gcuid seirbhíse mar fhó-mháistreás chúnta nó mar thuath-oide cúnta roimh 1 Aibreán, 1934. Faoi na scéimeanna a bhí i bhfeidhm go dtí seo ní raibh ag dul dóibh ach dhá dtrian den tréimhse sin chun críocha pinsin agus tá creidiúint i leith an triain eile dá tabhairt dóibh faoin scéim leasaithe seo. Tá foráil eile sa scéim a thugann creidiúint chun críocha pinsin i leith seirbhíse i dTuaisceart na h-Éireann mar fhó-mháistreás chúnta i mbunscoil nó mar thuathoide cúnta i mbunscoil chlochar i gcás múinteoirí a d'fhág scoileanna sa Tuaisceart agus a thosaigh ag múineadh i scoileanna anseo roimh 1 Aibreán, 1934.
Tá socrú déanta chomh maith sa scéim seo chun éifeacht a thabhairt do mholadh eile a rinneadh ag an Chomhairle Idir-Réitigh do na Múinteoirí Náisiúnta. I gcás oide a shroiseann seasca a cúig bliana d'aois sa ráithe deiridh den scoilbhliain, is ceadaithe dó, faoin socrú seo, fanacht sa tseirbhís go cionn tréimhse breise nach sia ná trí mhí ón dáta ar a shroiseann sé an aois sin, má thugann an tréimhse bhreise sin bliain eile de sheirbhís inphinsin dó.