Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 11 May 1966

Vol. 222 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teach an Phiarsaigh.

10. D'fhiafraígh

den Aire Airgeadais (1) cé d'iarr úsáid Teach an Phiarsaigh, Rosmuc, le haghaidh Aeríocht Chomóradh 1916 ar an Domhnach 17ú Aibreán, (2) an bhfuil a fhíos aige gur baineadh táille dhá scilling de gach duine a chuaigh isteach ann, (3) cén fáth an táille ós rud é gur aeríocht a bhí ann agus cén usáid a baineadh as an airgead sin, (4) an bhfuil a fhios aige gur baineadh úsáid as Teach an Phiarsaigh le cruinniú poilitíochta a thionól, agus (5) an raibh cead usáid den sórt sin a bhaint as séadchomhartha náisiúnta.

Fuarthas iarratas ó Bhantracht na Tuaithe chun Eirí Amach na Cásca a cheiliúradh ag binn tí an Phiarsaigh ar 17 Aibreán, 1966, agus tugadh an cead sin doibh.

Ní raibh fhios agam gur iarradar táille agus ní raibh cead acu chuige. Ní h-eol dom cad a deineadh le pé airgead a bailíodh. Ní raibh fhios agam go raibh cruinniú poilitiochta ann. Ní bheadh cead a leithéide le fáil.

Agus an cruinniú polaitíochta a bhí ann?

Níor airigh mé an Teachta.

An raibh ainm orthu?

Ní chloisim an Teachta.

An cruinniú polaitíochta a bhí ann?

Ní raibh a fhios agam gur tionóladh cruinniú polaitíochta in aon chor agus dá dtionólfaí a leithéid ní raibh cead ann dó.

Barr
Roinn