Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Feb 1970

Vol. 244 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Stáisiún Raidió don Ghaeltacht.

143. D'fiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa (a) an bhfuil sé beartaithe aige stáisiún raidió ar leith a bhunú do mhuintir na Gaeltachta ar a mbeidh na cláir as Gaeilge ar fad, agus (b) cathain a chuirfear tús leis an stáisiún sin.

Iarradh ar Radio Telefís Éireann tamall ó shion tuarascáil a sholáthar féachaint an féidir stáisiún fuaim chraolta faoi leith a bhunú chun freastal ar an nGaeltacht go háirithe agus ar chainteoirí Ghaeilge i gcoitinne. Tá an cheist faoi bhreithniú ag an Údarás faoi láthair ach ní fios cathain a bheidh toradh an scrúdúcháin sin ar fáil.

An bhliain seo?

B'fhéidir.

Barr
Roinn