Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 30 Jul 1970

Vol. 248 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ionaid Caitheamh Aimsire.

36. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aige cabhrú le heagraíochtaí deonacha i mBaile Átha Cliath agus mórthimpeall na tíre atá ag iarraidh ionaid caitheamh aimsire a thógáil.

Sa bhliain airgeadais seo caite ceadaíodh deontas do roinnt eagraíochtaí áitiúla a bhí tar éis ionaid caitheamh aimsire a thógáil ar mhaithe le muintir an cheantair uilig—an aos óg, lucht spóirt agus an gnáth-phobal. Chuir na deontais seo ar a gcumas fearais chorpoideachais agus áiseanna eile a chur ar fáil.

Fritheadh roinnt iarratais i mbliana ó cheantracha eile agus tá oifigigh ón Roinn ag dul i gcomhairle leis an choiste áitiúil i ngach cás.

Tar éis dom na tuarascála a scrúdú i dtaca leis an hiarratais óna heagraíochtaí spóirt agus na heagraíochtaí don aos óg, ceadófar roinnt deontais le haghaidh ionaid caitheamh aimsire arís i mbliana.

Barr
Roinn