Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Nov 1970

Vol. 249 No. 14

Ceisteanna—Questious. Oral Answers. - Scoil Dún Chaoin.

22. D'fhiafraí an

Dr. Mac Gearailt

den Aire Oideachais cad é an méid a chosnaíonn sé, in aon tréimhse oiriúnach chuntasaíochta, daltaí scoile a iompar ó Dhún Chaoin go Baile an Fheirtéirigh.

An bus a usáidtear le haghaidh an turais ó Dhún Chaoin go Baile an Fheirtéirigh baintear feidhm as chun trí aicmí páistí d'iompar:—

(1) Na páistí ó Dhún Chaoin atá ag freastal ar an Scoil Náisiúnta i mBaile an Fheirtéirigh; (2) páistí eile ar an mbóthar ó Dhún Chaoin atá i dteideal saor-iompair go dtí an Scoil Naisiúnta i mBaile an Fheirtéirigh, agus (3) páistí atá ag freastal ar scoileanna iarbunoideachais i nDaingean Uí Chúis.

Meastar gur timpal £19 sa tseachtain an costas atá ag gabháil leis na páistí d'iompar ó Dhún Chaoin go Baile an Fheirtéirigh.

Go raibh maith agat.

Barr
Roinn