d'Aire na Gaeltachta an bhféachfaidh sé chuige go mbeidh oifig áitiúil ag a Roinn sna Gaeltachtaí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oifig Áitiúil Roinne.
86. D'fhiafraigh
Tá an cheist sin á scrúdú agam faoi láthair.
An bhfuil an tAire dóchasach go mbeidh sé in ann oifig áitiúil a chur fiú amháin i nGaeltacht amháin mar thús?
Aontaím gur ceist an-thábhachtach í sin agus, dáiríre, baineann sé leis an gceist a chuir an Teachta orm an tseachtain seo caite maidir le húdarás áitiúil don Ghaeltacht. Mar adúras, táim dóchasach.